From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceantar tuaithe, nó kunta, in Oirthear na Fionlainne é Ilomantsi. Is é an áit is faide thoir i mórthír an Aontais Eorpaigh (tá an Chipir agus oileán La Réunion níos faide thoir fós). Timpeall ar shé mhíle duine atá ina gcónaí ansin. Baill den Eaglais Ortadocsach iad 17.9 % de mhuintir Ilomantsi - an céatadán is airde ar fud na Fionlainne.
Ilomantsi | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhionlainn | ||||
Regional State Administrative Agency (en) | Regional State Administrative Agency for Eastern Finland (en) | ||||
Réigiún de chuid na Fionlainne | An Chairéil Thuaidh | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 4,406 (2023) | ||||
• Dlús | 1.59 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhionlainnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Located in statistical territorial entity (en) | Joensuu sub-region (en) | ||||
Achar dromchla | 2,763.4 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1875 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Ilomantsi municipal council (en) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | ilomantsi.fi |
Labhraíonn seandaoine Cairéilis fós, agus chuaigh a lán focal Cairéilise in úsáid sa leathchaint áitiúil. Mar shampla, tugtar Pogosta ar bhaile mhór Ilomantsi. Bhronn an áit seo a hainm ar "ghalar Pogosta", galar matán a bhíonn á iompar ag na míoltóga, go háirithe nuair a bhíonn an samhradh ag druidim chun deiridh.
Sa gheimhreadh, i Mí na Márta de ghnáth, bíonn lucht na sciála ag glacadh páirte i dTuras Scíála Pogosta (Pogostan hiihto). Tógann an turas sciála deireadh seachtaine amháin. Is é lárionad lúthchleasaíochta Parppei áit thosaithe agus chríochnaithe an turais.
Ritheann Runon ja rajan tie ("Bóthar na Filíochta agus na Teorann"), bealach turasóireachta Oirthear na Fionlainne, trí Ilomantsi.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.