Idirtheangeolaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Baineann an idirtheangeolaíocht leis an téarma Laidine interlingua, a chiallaíonn "cumarsáid idir daoine le teangacha éagsúla".
Seo an sainmhíniú a thugann an Dr Detlev Blanke, duine de na saineolaithe domhanda ar an mbrainse nua seo den teangeolaíocht:
- "Baineann an idirtheangeolaíocht (Béarla ‘interlinguistics’, Gearmáinis "Interlinguistik", Fraincis "interlinguistique", Rúisis "interlingvistika", Iodáilis "interlinguistica"), leis an téarma Laidine "interlingua", a chiallaíonn "cumarsáid idir daoine le teangacha éagsúla".
Dá bhrí sin, is féidir an "idirtheangeolaíocht" a thuiscint, óna struchtúr moirféimeach, mar eolaíocht a bhaineann le dhá réimse eolais:
- /interlingua/ + /istics/: eolaíocht na n-interlinguae, .i. staidéar ar theangacha mar mheán don chumarsáid idirnáisiúnta.
- (/inter/ /linguae/)+istics: staidéar ar a dtarlaíonn idir teangacha.