Iarmhairt Joule-Thomson
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an iarmhairt Joule-Thomson ná an t-athrú teochta i ngás nuair a ritheann sé amach trí shoc is a fhorbraíonn ansin.[1]
De ghnáth éiríonn teocht gáis nuair a fháisctear é; mar shampla, éiríonn teocht an aeir sa chónasc le linn aer a bheith á fháscadh isteach i mbonn rothair le teannán. Mar an gcéanna, nuair a scaoiltear aer atá faoi bhrú ard amach as soitheach, titeann an teocht. Tugtar iarmhairt Joule-Thomson ar na hathraithe teochta úd a tharlaíonn nuair a athraíonn an brú ar gháis.
Titeann teocht na ngás go léir, seachas hidrigin, héiliam agus neon, tráth. Má bhíonn an gás ag teocht íseal cheana féin, fuaraítear a thuilleadh é.