Hunaigh
From Wikipedia, the free encyclopedia
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba phobal fáin iad na Hunaigh a bhí ina gcónaí in Oirthear na hEorpa, an Chugais agus Lár na hÁise idir an 4ú haois AD agus an 7ú haois AD. De réir thraidisiún na hEorpa, tuairiscíodh, ar dtús, go raibh siad ina gcónaí taobh thoir d' Abhainn na Volga, i gceantar a bhí mar chuid de Scitia ag an am; tá teacht na Hunach bainteach le himirce siar an chine Scitiach, na nAlanach.[1] Faoi 370 AD, bhí an Volga bainte amach ag na Hunaigh, agus faoi 430 AD bhí tiarnas ollmhór san Eoraip bunaithe acu, cé nach raibh sé fada buan.
Sa 18ú haois, ba e an scoláire Francach Joseph de Guignes a chéad mhol go raibh nasc idir na Hunaigh agus cine na Xīongnúan, a bhí in aice láimhe leo i dtuaisceart na Síne san 3ú haois RC.[2] Ó shin i leith, rinneadh iarracht mhór scolártha dírithe ar imscrúdú a dhéanamh ar a leithéid de nasc. Mar sin féin, níl aon comhdhearcadh léannta ar nasc díreach idir ghné cheannasach na Xīongnúan agus na Hunaigh.Luaigh Priscus, taidhleoir Rómhánach agus staraí Gréagach, san 5ú haois go raibh teanga dá gcuid féin ag na Hunaigh; ach is beag di a tháinig slán agus síltear go bhfuil caidrimh aici den chuid is mó leis na teangacha Tuirciceach nó Mongólach. Bhí go leor grúpaí eitneacha eile san áireamh faoi riail Attila, lena n-áirítear an-chuid cainteoirí na Gotaise, agus tugann roinnt scoláirí nua-aimseartha cur síos uirthi mar lingua franca na hImpireachta.[./Huns#cite_note-FOOTNOTEHeather2010228-3 [3]][3] Ba í an bhoghdóireacht an theicníc mhíleata is mó a bhain leo.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.