ealaíontóir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ealaíontóir, mainicín, aisteoir, agus péiceallán ab ea Hazel Lavery (a rugadh ar an 14ú lá de Mhárta 1880 in Chicago, Illinois agus a d'éag ar an 1 Eanáir 1935 i Londain).[1][2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 Márta 1880 Chicago, Illinois |
Bás | 1 Eanáir 1935 54 bliana d'aois Londain, England |
Áit adhlactha | Reilig Putney Vale |
Gníomhaíocht | |
Gairm | péintéir, mainicín |
Teaghlach | |
Céile | Edward Trudeau John Lavery (1909–1935) |
Páiste | Alice Trudeau ( Edward Trudeau) |
B'é Edward Martyn (1846–1897) a hathair. Bhí sé ina leasuachtarán ar an gcomhlacht ‘Armour & Co’. Ba í Alice Martyn a máthair. Ní raibh ach siblín amháin aici, Dorothea Hope Martyn an t-ainm a bhí uirthi. Fuair Dorothea bás nuair a bhí sí fiche is a trí bliana d’aois.
Phós Hazel an Dr. Edward Livingston Trudeau ach fuair sé bás cúig mhí ina dhiaidh sin. Bhí iníon amháin acu darbh ainm Alice Trudeau. Ar an 21 Iúil 1909 ag an Brompton Oratory[3] (Caitliceach) phós Hazel John Lavery, ealaíontóir agus portráidí as Béal Feirste, a bhí 24 bliain níos sine.[4] Chas siad lena chéile in 1903 sa Bhriotáin nuair a bhí sí fós geallta le Trudeau.[1] Ní raibh máthair Hazel sásta ar bith le Lavery ach d'éag sí i Meitheamh 1909, agus phós Hazel agus John cúpla seachtain níos déanaí.[5][6]
I ndiaidh Chogadh na Saoirse, cheap rialtas an tSaorstáit go raibh airgeadra nua de dhíth. Choimisiúnaigh an rialtas John Lavery chun an nóta bainc a dhearadh in 1928. D'athshaothraigh sé pictiúr de Hazel i riocht Caitlín Ní Uallacháin, pearsantú baineann ar Éirinn. Bhí an pictiúr críochnaithe i gceann coicíse, agus baineadh úsáid as ar nótaí bainc in Éirinn ó 1928 go dtí na 1970idí.
Fuair Hazel bás ar an 3ú lá de mhí Eanáir 1935.[7]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.