Fisicí a rugadh i Strasbourg ab ea Hans Albrecht Bethe (2 Iúil 1906 – 6 Márta 2005). Sa bhliain 1939 shaothraigh sé an chéad teoiric chuimsitheach ar ghiniúint fhuinneamh na réaltaí trí imoibrithe leanúnacha núicléacha, nó núcléisintéis. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1967 as.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Hans Bethe |
Ainm sa teanga dhúchais | (de) Hans Albrecht Bethe |
---|
|
Breith | 2 Iúil 1906 Strasbourg (Impireacht na Gearmáine) |
---|
Bás | 6 Márta 2005 98 bliana d'aois Ithaca, New York |
---|
|
|
Cathaoirleach Cumann Fisice Mheiriceá |
---|
|
|
1955 – 1955 ← Enrico Fermi – Raymond Thayer Birge → |
|
|
|
Grúpa eitneach | Na Giúdaigh |
---|
Reiligiún | An tAindiachas |
---|
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Sapienza na Róimhe (1930–1931) Ollscoil Cambridge (1929–1930) Ollscoil Ludwig Maximilian, München (1926–1928) Goethe-Universität Frankfurt am Main - fisic (1924–1926) Goethe-Gymnasium (en) |
---|
Céim acadúil | dochtúireacht |
---|
Tráchtas acadúil | Theorie der Beugung von Elektronen an Kristallen (1928 ) |
---|
Comhairleoir dochtúireachta | Arnold Sommerfeld |
---|
|
Réimse oibre | Réaltfhisic |
---|
Suíomh oibre | Tübingen |
---|
Gairm | fisiceoir, múinteoir ollscoile |
---|
Fostóir | Tionscadal Manhattan (1943–) Ollscoil Cornell (1933–1975) Ollscoil Tübingen (1931–1933) |
---|
Ball de | |
---|
Mac/iníon léinn de chuid | Arnold Sommerfeld |
---|
Teangacha | Béarla agus an Ghearmáinis |
---|
|
|
1939 | Tionscadal Manhattan |
|
|
Saothar suntasach |
Mac léinn dochtúireachta | Robert Marshak, Jeffrey Goldstone, J. J. Sakurai, Francis E. Low, John Negele, Michel Baranger, Roman Jackiw, David J. Thouless, John L. Gammel, Jr., Harold Saul Zapolsky, David Breed Beard, Mark S Nelkin, Walter McAfee, Benjamin D. Day agus Ronald F. Peierls |
---|
|
Céile | Rose Ewald |
---|
Athair | Albrecht Bethe |
---|
Duine muinteartha | Paul Peter Ewald (athair céile) |
---|
|
|
1933-1945 | Emigration from Nazi Germany 1933-1945 (en) Cúis leis seo: persecution of Jews in the Nazi era (en)
|
|
|
|
|
|
|
Dún
Rinne Bethe a chuid staidéar sa Ghearmáin agus b'ann a d'oibrigh sé ar dtús. Sa bhliain 1930, bhronn Dearlaic Rockefeller scoláireacht taistil air agus chuir sé faoi i Cambridge Sasana. Chaith sé tamall ag obair le hEnrico Fermi i Róimh na hIodáile agus ní ba dhéanaí thug sé cuairt ar Institiúid Niels Bohr sa Danmhairg freisin. D'fhág sé an Ghearmáin go deo sa bhliain 1933. I ndiaidh seal in Ollscoil Manchester, i Sasana, thug sé aghaidh ar na Stáit Aontaithe sa bhliain 1935. D'oibrigh Bethe ar an Tionscadal Manhattan le linn an Dara Cogadh Domhanda. In Ollscoil Cornell, in Ithaca, Nua-Eabhrac a rinne sé an chuid ba mhó dá shaothair i Meiriceá. In Ithaca a fuair sé bás ar an séú lá de mhí an Mhárta sa bhliain 2005.[1]