Gustavo Petro
eacnamaí, polaiteoir, iar-throdaí eadarnaíoch Colóime de shliocht Iodálach agus 42ú Uachtarán Phoblacht na Colóime / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is uachtarán ar an Cholóim é Gustavo Petro (a rugadh ar 19 Aibreán 1960), an chéad Uachtarán de chuid an eite chlé sa tír.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Dún
Bhí bua stairiúil ag Gustavo Petro, iar-réabhlóidí, i dtoghchán uachtaránachta na Colóime ar 19 Meitheamh 2022. Ba é an chéad uair a toghadh fear den eite chlé. Is Afra-Cholómach agus bean an leas-Uachtarán, Francia Márquez.[1]
Bhí Petro ina bhall den 19th of April Movement (M-19) sna 1970idí agus 1980idí. Gabhadh é sa bhliain 1985 as armlón a bheith ina sheilbh go mídhleathach aige.
Bhí Pero ina Mhéara in Bogotá, príomhchathair na tíre, idir 2012–2014 agus 2014–2015.[2]