![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/ee/Indicating-silica-gel.png/640px-Indicating-silica-gel.png&w=640&q=50)
Glóthach shilice
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i nglóthach shilice[1][2] ná dé-ocsaíd sileacain i bhfoirm dhímhorfach (is é sin gan struchtúr criostalda). Ós rud é go bhfuil sí dímhorfach, tá a struchtúr mírialta agus é lán de phóireanna (poill bheaga). Is í an phóiriúlacht seo is cúis leis gur dual don ghlóthach shilice uisce a shú chuici óna timpeallacht — is é sin gur ábhar tais-scópach é.
Fíricí Gasta Substaint cheimiceach, Mais mhóilíneach ...
![]() ![]() | |
Substaint cheimiceach | substaint cheimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 60.1 Da |
Ról | oibreán tais-scópach |
Airí | |
Dlús | 2.2 g/cm³ (a 20 °C) ![]() |
Pointe leáite | 1,710 °C ![]() |
Fiuchphointe | 2,230 °C (a 760 Torr) ![]() |
Galbhrú | 0 mmHg ![]() |
Guais | |
Meánteorainn nochta ualaithe ama | 6 mg/m³ (10 h, luach ar iarraidh) ![]() |
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte | 3,000 mg/m³ |
Dún
Is gnách glóthach shilice a úsáid le taise a ionsú: mar shampla cuirtear málaí beaga glóthaí silice i bpacáistiú na ngléas teicneolaíochta agus, abair, in easair chait.