From Wikipedia, the free encyclopedia
Ardú i mbrú an leanna uisciúil sa tsúil is ea glácóma. Is féidir go ndéanfaidh brú ró-ard damáiste don néaróg optach is go leanfaidh daille. Tarlaíonn glácóma géar (dúnadh uillinne) nuair a bhíonn bac ar dhraenáil an leanna seo trí ionfhabhtú nó maidhm catarachta. Tarlaíonn pian thobann sa tsúil a bhfuil an riocht seo uirthi, agus cuirtear isteach ar radharc na súile méid beag nó mór ar brath ar an gcás. I ndaoine áirithe is cealgaí fogha an ghlácóma (glácóma uillinne iata). Is moille cailliúint an radhairc acu, agus is féidir nach dtabharfar faoi deara í go mbíonn damáiste doleigheasta déanta don néaróg optach. Is féidir an brú taobh istigh den tsúil a thomhas i gcuid mhaith ospidéal le tonaiméadar. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí scagthástáil ar dhaoine chun an daille inseachanta seo a sheachaint.
Cineál | sláinte na súl agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | oftailmeolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Cógais dipivefrin (en) , carbachol (en) , acetazolamide (en) , dichlorphenamide (en) , dorzolamide (en) , isoflurophate (en) , methazolamide (en) , clonidine (en) , mitomycin (en) , physostigmine (en) , brinzolamide (en) , clonidine hydrochloride (en) , bimatoprost (en) , tafluprost (en) , pilocarpine (en) , travoprost (en) , brimonidine (en) , dorzolamide/timolol (en) , latanoprost (en) , ranibizumab (en) , furtrethonium (en) agus isoflurophate (en) | |
Pataigineas | |
Cúis ghéiniteach | SRBD1 |
Aicmiú | |
ICD-10 | H4040.-H4242. |
ICD-9 | 365365 |
CIAP | F93 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 5226 |
MedlinePlus | 001620 |
eMedicine | 1207470 |
MeSH | D005901 |
UMLS CUI | C0017601 |
DOID | DOID:1686 |
Ghoill an glácóma ar James Joyce.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.