![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/55/Great_Rift_Valley.png/640px-Great_Rift_Valley.png&w=640&q=50)
Gleann na Claise Móire
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar Gleann na Claise Móire ar an trinse leanúnach geografach, thart ar 6,000 ciliméadair ar fad, a ritheann ó Ghleann Beqaa sa Liobáin, sa Mheánoirthear go dtí Mósaimbíc, sa taobh thoir theas den Aifric.[1] Baintear úsáid áirithe as an ainm i gcónaí, ach sa lá atá inniu ann meastar go bhfuil sé neamhchruinn ó thaobh na geolaíochta de, nó ní thugann sé aitheantas do na córais difriúla atá i gceist, gaolmhar is uile mar atá siad, mar shampla na córais scoilteanna agus córais na n-éasc.
Cineál | Scoiltghleann ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Mór-roinn | an Afraic ![]() | ||||
| |||||
Codanna | Monts Kundelungu Abarim (en) ![]() Mount Elgon (en) ![]() Mitumba Mountains (en) ![]() Kibara Mountains (en) ![]() Golan (fr) ![]() ![]() | ||||
Tréithe | |||||
Toisí | 4,830 (![]() | ||||
Trasnaíonn | an Eiritré, an Aetóip, Djibouti, an tSúdáin Theas, an Chéinia, Uganda, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Ruanda, an Bhurúin, an Tansáin, an Mhaláiv, Poblacht Mhósaimbíc, an tSaimbia agus an tSiombáib ![]() | ||||
Sa lá atá inniu ann, is minic a bhaintear úsáid as an téarma le tagairt a dhéanamh do Chlais na hAfraice Thoir, teorainn plátaí dibhéirseacha a shíneann ó Chumar triarach na nAfarach ó dheas ar fud oirthear na hAfraice, agus é i mbun an phróisis scoilte Phláta na hAfraice ina dhá phláta nua ar leithligh. Tugann na geolaithe go ginearálta an Pláta Núibiach agus an Pláta Somálach ar na plátaí i mbéal forbartha.