![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/96/Lebanon_%2528orthographic_projection%2529.svg/langga-640px-Lebanon_%2528orthographic_projection%2529.svg.png&w=640&q=50)
An Liobáin
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is poblacht sa Mheánoirthear í an Liobáin, agus í suite ar chósta thoir na Meánmhara. Tá teorainneacha na Liobáine le hIosrael sa deisceart agus leis an tSiria san oirthear agus sa tuaisceart. Is í an Araibis an teanga oifigiúil agus an teanga is mó a labhraítear. Is í Béiriút príomhchathair na tíre. Poblacht dhaonlathach atá inti ina bhfuil ról tábhachtach ag na seicteanna éagsúla lena mbaineann muintir na tíre. Cé go raibh roinnt prionsacht uathrialach i Sliabh Liobáine ó dheireadh na séú haois déag i leith, faoi réim na nOtománach, níor cruthaíodh an stát Liobánach mar atá inniu ann ach i 1920 nuair a dheighil na húdaráis Fhrancacha amach é ó na críocha Síriacha a tugadh dóibh faoi Shainordú Chonradh na Náisiún. Bhain an stát nua a neamhspleáchas amach sa bhliain 1943. D'fhulaing an Liobáin cogadh cathartha fada millteanach ó 1975 go 1990, agus bhí cuid de faoi fhorghabháil mhíleata Iosraelach ó 1982 go 2000.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
الجمهورية اللبنانية (ar) لبنان (ar) Republic of Lebanon (en) Lebanon (en) Republik Lubnan (ms) Lubnan (ms) ![]() | |||||
|
|||||
Aintiún | Amhrán náisiúnta na Liobáine ![]() | ||||
Mana | «Lebanon Passion for Living» ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Béiriút ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 6,100,075 (2018) ![]() | ||||
• Dlús | 583.63 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Araibis ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Meánoirthear Iarthar na hÁise ![]() | ||||
Achar dromchla | 10,452 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mheánmhuir ![]() | ||||
Pointe is airde | Qurnat as Sawda' (en) ![]() ![]() | ||||
Pointe is ísle | an Mheánmhuir (0 m) ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 22 Samhain 1943 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach ![]() | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint na Liobáine ![]() | ||||
• President of Lebanon (en) ![]() ![]() | Najib Mikati ![]() | ||||
• Príomh-Aire na Liobáine ![]() | Hassan Diab (2020–) ![]() | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 23,131,941,557 $ (2021) ![]() | ||||
Airgeadra | punt na Liobáine ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .lb ![]() | ||||
Glaochód | +961 ![]() | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 140, 175, 112 agus 160 ![]() | ||||
Cód tíre | LB ![]() | ||||
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/db/Beirutcity.jpg/640px-Beirutcity.jpg)
Ionad tábhachtach don chultúr Arabach is ea an Liobáin. Roimh an Chogadh Chathartha mheall sí scríbhneoirí agus smaointeoirí ón domhan Arabach mar gheall ar an tsaoirse intleachtúil a bhí le blaiseadh inti, tráth a bhí deachtóireachtaí ag cur greim ar fhormhór na bpoblachtaí eile sa réigiún. Bhí neart comhlachtaí foilseoireachta agus preas beoga lonnaithe i mBéiriút agus bhí an chathair ina lárionad don cheol fosta. Go dtí tús an chogaidh, bhí sí ar na hionaid tráchtála ba thábhachtaí sa Mheánoirthear, le tionscnamh mór baincéireachta.