Glacaireacht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is glacaireacht ann ná duine ag tabhairt pléisiúr gnéis dóibh féin. Glaoitear freisin "faoiseamh láimhe", "féinphléisiúr", "féintruailliú", "lámhadóireacht", "lámhchartadh", "maistreadh", "ponndáil", "bualadh boid" (i gcás na bhfear), agus "sniogadh an dochtúra" is araile ag brath ar an gcomhthéacs.[1]
Feictear "féintruailliú" i bhfoclóir De Bhaldraithe[2] Tá drochíomhá ag roinnt leis an bhfocal seo: tá an chuma ar an scéal go bhfuil an duine á "t(h)ruailliú" féin. Is é is dóigh gur lomaistriúchán ón mBéarla self-pollution is bunús leis.
Is rud coitianta í an ghlacaireacht i measc fear agus ban, cuma cén aois. Ní fios aon ghaol a bheith idir an ghlacaireacht agus aon chineál neamhord meabhrach nó fisiciúil.[3][4] I saol an Iarthair, meastar go ginearálta gur gnáthchuid sláintiúil agus taitneamhach é sult a bhaint as glacaireacht go príobháideach nó le comhpháirtí.