ardeaspag Caitliceach agus taidhleoir From Wikipedia, the free encyclopedia
Cairdinéal Iodálach agus feileon ciontaithe is ea Giovanni Angelo Becciu (a rugadh ar an 2 Meitheamh 1948). Ciontaíodh i gcalaois é sa bhliain 2023.[1]
(2018) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Meitheamh 1948 76 bliana d'aois Pattada, An Iodáil |
Prefect of the Congregation for the Causes of Saints (en) | |
1 Meán Fómhair 2018 – 24 Meán Fómhair 2020 | |
Cairdinéal | |
28 Meitheamh 2018 – 2020 | |
Nuinteas aspalda chun Cúba | |
23 Iúil 2009 – ← Luigi Bonazzi | |
Ard-Easpag Caitliceach | |
1 Nollaig 2001 – | |
Ardeaspag teidealach | |
1 Nollaig 2001 – Deoise: titular see of Rusellae (en) | |
Nuinteas aspalda chun São Tomé agus Príncipe | |
15 Samhain 2001 – | |
Nuinteas aspalda chun Angóla | |
15 Deireadh Fómhair 2001 – | |
Substitute for General Affairs (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Pontifical Ecclesiastical Academy (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart Caitliceach (1972–), diagaire |
Ball de | |
Teangacha | An Iodáilis, an Fhraincis, Béarla, an Spáinnis agus an Phortaingéilis |
Coisreacan | Angelo Sodano |
Eile | |
Cúiseamh | Embezzlement of public funds (en) |
Croineolaíocht | |
2021 | triail |
Gradam a fuarthas | |
Bhíodh Becciu tráth ina chomhairleoir ag an Phápa Proinsias. Bhí sé ina bhall den Diacaistir Canónaithe Naomh[2] (Cúirt na Róimhe).
Sa bhliain 2021, cuireadh cúiseanna éagsúla i leith deichniúr - ceannairí airgeadais, dlíodóirí agus iar-oibrithe de chuid na Vatacáine - ina measc calaois, sciúradh airgid agus mí-úsáid cumhachta. Bhain an cás le €350 milliún a caitheadh ar réadmhaoin i gceantar Chelsea i Londain mar chuid de scéim infheistíochta a thosaigh in 2014 ach a chosain na milliúin Euro sa bhreis ar an Vatacáin.
Shéan an deichniúr uilig na cúiseanna. B'é Becciu an t-oifigeach is sinsearaí san Eaglais Chaitliceach a cuireadh ar a thriail i gcúirt de chuid na Vatacáine.
Cuireadh tús leis an triail sa bhliain 2021. Idir 2021-2023 shuigh an chúirt 86 uair le héisteacht leis an bhfianaise.[1]
Ar 16 Nollaig 2023, ghearr Cúirt na Vatacáine cúig bliana go leith príosúin ar Becciu as na milliúin Euro a chúbláil.[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.