![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/55/Cupping_set%252C_London%252C_England_Wellcome_L0057395.jpg/640px-Cupping_set%252C_London%252C_England_Wellcome_L0057395.jpg&w=640&q=50)
Gibneoireacht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Teicníocht choitianta i míochaine oirthearach is iartharach is ea gibneoireacht,[1][2] ina gcruthaítear folús taobh istigh de phróca nó cupán (an ghibne), le lasair go minic, agus a gcuirtear béal na gibne ar chraiceann an duine atá le cóireáil. Tarraingíonn an folús sa ghibne craiceann is fíocháin an duine píosa beag isteach inti, agus coinnítear mar sin é ar feadh ceathrú uaire. Baineann snáthaidpholladóirí feidhm aisti, ach tá a húsáid imithe i léig i measc gnáthdhochtúirí le fada.[3]