Gary Cooper
aisteoir Meiriceánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba aisteoir Meiriceánach ó bhunadh Briotanach é Gary Cooper (7 Bealtaine, 1901 – 13 Bealtaine, 1961) a bhuaigh Gradaim an Acadaimh dhá uair. Lean a shaol oibre ó na 1920ídí go dtí bliain a bháis. Bhí aithne air mar gheall ar a stíl aisteoireachta ciúin agus a phearsa stóchúil, tréan, a d'oir go mór do na rólanna sna Westerns inar ghlac sé páirt.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
Fuair Cooper cúig ainmniúchán Oscar don duais Aisteoir is Fearr, le linn a shaol oibre, agus bhain sé dhá uair é. Fuair sé Duais Onórach freisin ón Acadamh i 1961, cúpla seachtain roimh a bháis.