![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/ac/Centrilobular_emphysema_865_lores.jpg/640px-Centrilobular_emphysema_865_lores.jpg&w=640&q=50)
Galar scamhóige toirmeascach ainsealach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Neamhord sna scamhóga is ea Galar scamhóige toirmeascach ainsealach nó eimfiséime (emphysema) ina milltear na snáithíní leaisteacha is cúis le haisléim fhíochán na scamhóige san easanálú. Mar thoradh air seo, éiríonn na scamhóga níos séidte de réir a chéile, agus forlíonta le haer.
Éiríonn na haerfheadáin bheaga (na broincíní) séidte, milltear na haershaic (an hailbheolais) mar a dtarlaíonn malartú na ngás, agus cuirtear cuasa aeir ina n-ionad.
Éiríonn an cliabhrach bairillechruthach de réir a chéile, agus éiríonn an giorra anála an-ghéar.
Is coitianta an riocht é i measc caiteoirí troma toitíní, mar go ngníomhachtaíonn ceimiceáin i ndeatach toitíní einsímí a dhíleánn na fíocháin leaisteacha sna scamhóga.
Go minic cuireann milleadh na bhfíochán seo tús le hionfhabhtuithe tánaisteacha.[1]