Galar athlastach peilbheach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ionfhabhtú sa bhroinn, na feadáin útaracha, na hubhagáin is na fíocháin mórthimpeall. De ghnáth, baictéir a scaipeann ón gconair ghiniúnach íochtarach (an fhaighin is an ceirbheacs) is cúis leis.
Cineál | female reproductive system disease (en) , adnexal disease (en) , galar tógálach agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | gínéiceolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Cógais | |
Aicmiú | |
ICD-10 | N70-N77 agus N73.9 |
ICD-9 | 614.9, 614-616.99 agus 614.8 |
CIAP | X74 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 9748 |
MedlinePlus | 000888 |
eMedicine | 256448 |
Patient UK | Pelvic-Inflammatory-Disease-(PID) |
MeSH | D000292 |
UMLS CUI | C0242172 |
DOID | DOID:1003 |
Is féidir go dtarlóidh an t-ionfhabhtú le linn toirbhearta nó ionlocadh fearais fhrithghiniúnaigh ionútaraigh, ach tarlaíonn de ghnáth de bharr orgánach gnéas-tarchurtha, clamaidia is gónairith.
Mar thoradh ar an ionfhabhtú, is féidir go mbeidh pianta sa bholg íochtarach ag bean, sileadh ón bhfaighin, míostrú neamhrialta is/nó trom, fiabhras, agus tuirse, ach uaireanta, bíonn sí gan aon siomptóm.
Is féidir an t-ionfhabhtú a leigheas le frithbheathaigh, ach muna ndéantar an chóireáil seo féadfaidh sé damáiste trom buan a dhéanamh d'orgáin na conaire giniúnaí uachtaraí, rud a laghdóidh torthúlacht na mná agus a mhéadóidh an priacal go dtarlóidh toircheas eachtópach má tharlaíonn toircheas.
Is féidir bac a chur ar an mbunionfhabhtú trí chomhriachtain chontúirteach a sheachaint.[1]