GULag
From Wikipedia, the free encyclopedia
Seasann an giorrúchán Rúisise ГУЛаг nó GULag do Главное управление лагерей/Glavnoye upravleniye lagerey, is é sin, Príomhúdarás na gCampaí Géibhinn. Bhí a leithéid sin d'údarás i mbun riarachán na gcampaí géibhinn san Aontas Sóivéadach nuair a bhí Stalin i gceannas ar an tír sin. Is gnách, áfach, "Gulag" a thabhairt sa ghnáthchaint ar chóras iomlán na gcampaí géibhinn.
Sa Bhéarla, tugtar gulag ar aon champa amháin, the gulags ar an gcóras iomlán. Níl an úsáid seo bunaithe ar an Rúisis, áfach. "An Crios" nó "an Limistéar" (зона/zona as Rúisis) a thugadh muintir an Aontais Shóivéadaigh ar chóras na gcampaí. De réir mar a tháinig tuiscint ag muintir an stáit Shóivéadaigh ar an mbrúidiúlacht a bhain leis an stát s'acu go hiomlán, thosaigh siad ag tabhairt великая зона/velikaya zona, "an Crios Mór" nó "an Limistéar Mór", ar an Aontas Sóivéadach féin, agus an chiall ag dul leis an úsáid seo nach raibh mórán difríochta idir saol na gcampaí géibhinn agus an leagan Sóivéadach den tsaoirse.
Is é an téarma a bhí ag na príosúnaigh orthu féin ná зек/zek, agus é bunaithe ar na focail заключённый каналостроитель/zakliuchennyi kanalostroitel, is é sin, príosúnach ag gearradh canála. B'iad an chanáil ó Volga go Don agus an chanáil ón Muir Bhán go Muir Bhailt an dá mhórláithreán tógála ar a raibh príosúnaigh na gcampaí géibhinn ag obair sna fichidí. De réir a chéile, áfach, ghreamaigh an focal de na príosúnaigh uile.
Bhí cineálacha éagsúla de champaí ann. B'é an campa daorbhroide an cineál ba choitianta, ach thairis sin, bhí ionaid speisialta (шарашка/sharashka) ann do na saineolaithe ina raibh siad ag déanamh taighde don Stát, go háirithe ar mhaith leis na fórsaí armtha. Chuirtí daoine folláine i ngealtlanna (психушка/psikhushka) ar chúiseanna polaitiúla—cleachtas a d'éirigh i bhfad níos coitianta i ndiaidh ré Stalin. Bhí campaí speisialta ann do pháistí (nó ní raibh sé as an ngnáth páistí a chimiú san Aontas Sóivéadach), do mháithreacha a raibh leanaí óga acu, agus do dhaoine easlána. I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí campaí ar leith ann do "mhná céile na bhfealltóirí", fiú—is é sin, mná céile na gcimí polaitiúla. I gcampaí áirithe, chuirtí príosúnaigh i mbun oibreacha a raibh an radaighníomhaíocht ag roinnt leo, ag baint úráiniam as an talamh mar shampla, nó ag glanadh iarsmaí na dtástálacha adamhacha.
B'é an scríbhneoir Aleksandr Solzhenitsyn a chuir an focal féin i mbéal an phobail leis an leabhar millteanach staire a d'fhoilsigh sé sna seachtóidí, mar atá, Архипелаг ГУЛаг/Arkhipelag GULag, is é sin, Oileánra GULag, nó níos fearr as Gaeilge, Oileánra na gCampaí Géibhinn. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air ar son an leabhair.