Gàidhlig meán na mara
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Gàidhlig meán na mara an t-ainm a thugtar ar an gcanúint nua lárnach agus tras-réigiúnach de Ghaeilge na hAlban. Tá sí bunaithe ar na príomhchanúintí a mhaireann go fóill. Tá ainmneacha eile uirthi ag daoine i mBéarla nó i nGaeilge na hAlban leis, Mid-Minch Gaelic[1][2][3], Standard Hebridean,[4] BBC Gaelic, Gàidhlig bhun-tomhasach[5] (Standard Gaelic)[6] nó Gàidhlig Mheasgaichte (Measctha),[7]
Cineál | language variety (en) |
---|---|
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna na teangacha Ind-Eorpacha na teangacha Ceilteacha Ceiltis na nOileán teangacha Gaelacha Gaeilge na hAlban |
Tá an chuid is mó de na canúintí a chuireann léi in Iarthuaisceart Ghaeltacht na hAlban agus na nOileán, chomh maith le Ros Aniar, na hOileáin Siar agus an t-Eilean Sgitheanach. Ós rud é go labhraítear na canúintí seo ar imeall an Cuan Sgíth, is é Gàidhlig meadhan na mara a thugtar uirthi.
Cosúil le cothromú canúna go ginearálta, tá a lán fachtóirí i gceist leis an gcás seo, mar shampla fás na meán Gaelach (mar shampla BBC Radio nan Gàidheal agus BBC Alba), Foghlaim trí Mheán na Gàidhlig, meath na gcanúintí (m.sh. i gCataibh nó i bPeairt) agus gluaiseacht na nGael go dtí na cathracha ina mbuaileann daoine le canúintí eile.