![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/bf/Irish_Ranger.jpg/640px-Irish_Ranger.jpg&w=640&q=50)
Fórsaí armtha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Eagraíocht míleata a bhunaíonn stát go hoifigiúil chun é a chosaint ó ionsaithe is ea na fórsaí armtha nó airm.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/bf/Irish_Ranger.jpg/640px-Irish_Ranger.jpg)
Bíonn difríocht shoiléir idir na fórsaí seo agus eagraíochtaí oifigiúla chun an dlí a fheidhmiú taobh istigh den tír féin (na póilíní) is grúpaí armtha neamhoifigiúla (eisreachtaithe).
De ghnáth, bíonn 3 phríomhbhrainse sna fórsaí armtha: an t-arm, an cabhlach, agus an t-aerfhórsa—ach uaireanta, bíonn forluí éigin eatarthu (mar shampla, saighdiúirí cabhlaigh).
Go minic bíonn éagsúlacht sa bhfoireann i mbrainse ar bith (mar shampla, saighdiúirí gairmiúla, coinscríofaigh, amhais, cúltacaithe).[1]