Féile Loy Krathong
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is féile bhliantúil é Loy Krathong. Ceiliúrann daoine é sa Téalainn agus in áiteanna eile san Áise agus ar fud an domhain. Is féile sheanbhunaithe é Loy Krathong agus baineann sé leis an reiligiún Búdachas.[1][2]
Lipéad sa teanga dhúchais | (th) ลอยกระทง |
---|---|
Cineál | féile |
Tír | an Téalainn |
Baineann daoine úsáid as ábhar nádúrtha chun ”krathong” a chruthú; ciseán is ea “krathong”. Ansin, seolann siad na ciseáin sna haibhneacha chun ómós a léiriú do bhandia an uisce. Tar éis na féile, bailíonn daoine na ciseáin agus na báid ó na haibhneacha agus is féidir iad a úsáid mar bhia d’ainmhithe, de ghnáth.
Sa bhliain 2023, bhí smaoineamh nua-aimseartha acu. Tharraing daoine níos mó ná 3,000 pictiúr de “krathong” agus ghlac siad grianghraif díobh. Ansin thaispeáin siad na grianghraif dhigiteacha ar abhainn.[3] Chiallaigh sé seo go raibh níos lú ciseán san uisce agus níos lú oibre le déanamh ag glanadh.