Frithionaid
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is frithionaid ann ná dhá ionad ar thaobhanna urchomhaireacha den Domhan ar féidir iad a cheangal le líne dhíreach trí lár an Domhain. Mar shampla, is frithionaid iad Baie de la Seine sa bhFrainc (49° 45′ thuaidh is 1° thiar) agus Oileán an Fhrithionaid sa Nua-Shéalainn (49° 42′ theas is 178° 50′ thoir). Úsáideann Eorpaigh an téarma na Fritíortha go neamhchruinn ag tagairt don Astraláise.[1][2]