péintéir agus déantóir priontaí Spáinneach (1746–1828) From Wikipedia, the free encyclopedia
Péintéir agus déantóir priontaí Spáinneach ba ea Francisco José de Goya y Lucientes (30 Márta 1746 – 16 Aibreán 1828). Rinne sé úsáid as an ealaín le pointe láidir a dhéanamh faoi bhrúidiúleacht agus faoi éadairbhe na cogaíochta. Léirigh Francisco Goya íomhánna uafáis sna pictiúir sa tsraith Los Desastres de la Guerra a thaispéain radharcanna doshamhlaithe a tharla le linn Chogadh na Leithinse (Cogadh na Saoirse, 1808-14)[1].
Rugadh i Fuendetodos i ríocht Aragón é sa bhliain 1746. D'aistrigh a mhuintir go Zaragoza agus sa chathair sin a fuair sé a chuid oideachais.
Bhí sé ceithre bliana déag d'aois nuair a thosaigh sé ag obair leis an bpéintéir José Luján.
Chaith sé tamall i Maidrid agus sa Róimh sular fhill sé ar Zaragoza.
Rinne sé staidéar faoi stiúir Francisco Bayeu y Subías. Phós Josefa, deirfiúr Bayeu, sa bhliain 1774. Tháinig clú agus cáil air um an dtaca sin.
Cailleadh i mBordeaux é ar 16 Aibreáin 1828.
Bhí an-tionchar ag Goya ar an bpéintéireacht nua-aimseartha, ar phéintéirí mar Manet agus Pablo Picasso. Bhí meas mór ag Picasso ar shaothar Goya[2] agus is cinnte go raibh a thionchar siúd le brath ar an phictiúr cháiliúil Guernica, an racht feirge a lig sé mar fhreagra ar an díothú a rinne na Naitsithe ar an bhaile Bhascach sin i 1937.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.