From Wikipedia, the free encyclopedia
File agus dhaonnachaí de chuid de chuid na Tuscáine Francesco Petrarca (Iodáilis: Petracco agus Béarla: Petrarch) a rugadh in Arezzo ar an 20ú Iúil sa bhliain 1304, agus a d'éag in Arqua ar an 18ú nó ar an 19 Iúil 1374.
Tugtar ‘athair na filíochta’ air san Iodáil inniu. Roimhe seo, ní raibh daoine ag scríobh in Iodáilis; b’éigean dóibh scríobh i Laidin. [1]
Sa bhliain 1309, agus Petrarca cúig bhliain d'aois, lean a mhuintir an Pápa Clement V agus chuir fúthu in Avignon.
Níos déanaí rinne Petrarca staidéar ar an dlí in Ollscoil Mhontpellier agus Ollscoil Bhologna. D'éirigh sé as an dlí agus chuaigh sé isteach san Eaglais agus lean sé Naomh Aibhistín. Rinne sé dianstaidéar ar an tSibhialtacht Chlasaiceach agus bhí sé tugtha d'athchruthú an tSean-Domhain.
Is i Laidin den chuid is mó a chum Petrarca a chuid saothar. Mar sin féin deirtear gurbh eisean "athar na filíochta" san Iodáilis mar gheall ar na hiliomad dánta grá a chum sé in Iodáilis faoi bhean den ainm Laura. Deirtear gur chas sé uirthi ar Aoine an Chéasta, 6 Aibreán 1327. Bean pósta ab ea í agus thug Petrarca gean agus ómós di gan bualadh léi riamh ina dhiaidh sin.
Scríobh sé a lán soinéad (dán le 14 líne). Ghlaoitear "Canzoniere" ar an gcnuasach de 366 dánta, soinéid an chuid is mó díobh, agus ceaptar gur as an mbailiúchán seo a d'eascair filíocht liriciúil na Meánaoise.
Rinneadh aithris ar Petrarca i gcuid mhaith de thíortha na hEorpa, go háirithe sa séú haois déag. Feicfear samplaí maithe Fraincise in Ó Doibhlin (1994).[2] Tugadh an soinéad isteach sa Bhéarla timpeall ar 1530, go mórmhór trí fhilíocht Sir Thomas Wyatt (c.1502–1542) agus Henry Howard, Iarla Surrey (1517–1547). Is é an rud is suntasaí faoi shoinéad an Bhéarla nár glacadh leis an chruth ríme a bhí ag Petrarca agus ag na Francaigh, ochtréad agus seisréad.[3]
Bhí tionchar ag Petrach ar an litríocht in Éirinn. Mar shampla, déantar cur síos nósmhar i luathshaothar Uí Chonaire ar cholainn na mná ag tarraingt airde go sonrach ar a cuid gruaige, a súile, a béal agus a beola, a grua agus a muineál. Leanann an moladh seo ar bhaill airithe de cholainn na mban traidisiún an ‘blazon’ a theann siar chomh fada le Petrarch.[4]
D’fhorbair Petrarca, an té is mó a d’aclaigh traidisiún liteartha an tsóláis le linn an Renaissance, feidhm theiripeach na reitrice agus chothaigh nasc idir an líofacht agus an tsláinte intinne.[5][6] Bheadh sé seo ag teacht go beacht le traidisiún dúchais na Gaeilge mar a raibh feidhm dhúbailte ag an amhrán chun tocht a léiriú agus a shrianadh in éineacht.[7]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.