From Wikipedia, the free encyclopedia
Déanann foireann sacair ban Phoblacht na hÉireann ionadaíocht ar son Phoblacht na hÉireann i gcomórtais sacair idirnáisiúnta. Cuirtear na 'Cailíní i nGlas' orthu mar leasainm.[1][2]
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | foireann náisiúnta cumann sacair na mBan | ||||
Dáta a bunaíodh | 1973 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Spórt | sacar | ||||
Ionad baile | Staid Thamhlachta: Tamhlacht . 6,000 | ||||
Tír spóirt | Éire | ||||
Cód tíre FIFA | IRL | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Príomhchóitseálaí | Colin Bell (2017–2019) Vera Pauw (2019–2023) Eileen Gleeson (2023–) | ||||
Captaen | Katie McCabe | ||||
Úinéir | Cumann Peile na hÉireann | ||||
Suíomh gréasáin | https://www.fai.ie/ireland/senior-women | ||||
Bunaíodh Sraith Náisiúnta na mBan in Éirinn, nó Príomhroinn na mBan SSE Airtricity mar atá uirthi anois, in 2011.[3]
Sa bhliain 2012, bhí an fhoireann ag uimhir 28 ar liosta FIFA agus 17 i rangú na hEorpa, faoi stiúir an bhainisteora Sue Ronan.[1]
Bhain foireann na hÉireann áit amach ag Corn an Domhain den chéad uair riamh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Albain i nGlaschú ar 11 Deireadh Fómhair 2022.[4][5]
I mí Dheireadh Fómhair 2022, foilsíodh físeán ar na meáin shóisialta de na mná sa seomra feistis i ndiaidh an chluiche agus rosc catha ag moladh an IRA á bhladhradh acu.[6] Scaipeadh físeán d’imreoirí ag canadh an amhráin ‘Celtic Symphony’ de chuid na Wolfe Tones.[4] Bhí roinnt imreoirí le feiceáil ag canadh na liricí ‘Ooh, ah, up the Ra’ atá mar chuid den amhrán.
Tá fíneáil de €20,000 gearrtha ag Aontas Chumann Sacair na hEorpa (UEFA) ar Chumann Peile na hÉireann (FAI). Mhaígh UEFA gur sháraigh foireann sacair le Poblacht na hÉireann rialacha i dtaca le dea-iompar. Bhí leithscéal gafa ag Cumann Peile na hÉireann (FAI) faoi.[7]
Chum an t-údar Ré Ó Laighléis amhrán Amhrán dátheangach d’fhoireann na mban. Is é Céim ar Chéim an t-ainm atá ar an amhrán agus canann Anna Mullarkey é.[8][9]
Is sinne Mná na hÉireann,
Is muid a dhéanfaidh beart,
Is sinn a bhéarfaidh bua
And we’re only at the start
Of all we can achieve ...[9]
Ainmníodh an fhoireann seo a leanas le haghaidh cluiche cáilithe Corn Domhanda FIFA na mBan 2023 ar an 21 Deireadh Fómhair 2022.[10] Bhí Éire ag tabhairt aghaidh ar an Astráil, ar Cheanada agus ar an Nigéir i nGrúpa B Bhí an Astráil agus Ceanada sa 10ú háit agus sa 7ú háit ar domhan faoi seach, agus mar sin, rogha na coitiantachta chun teacht amach as an ghrúpa.[3]
Ionad | Ainm | Dáta breithe | Caipíní | Cúil | Club |
---|---|---|---|---|---|
Cúl báire | Grace Moloney | 1 Márta 1993 | 6 | 0 | Reading |
Cúl báire | Courtney Brosnan | 10 Samhain 1995 | 17 | 0 | Everton |
Cúl báire | Megan Walsh | 12 Samhain 1994 | 1 | 0 | Brighton and Hove |
Cúl báire | Eve Badana | 9 Iúil 1993 | 4 | 0 | DLR Waves |
Cosantóir | Claire O'Riordan | 12 Deireadh Fómhair 1994 | 17 | 0 | Celtic |
Cosantóir | Harriet Scott | 10 Feabhra 1993 | 23 | 0 | Birmingham City |
Cosantóir | Áine O'Gorman | 13 Bealtaine 1989 | 112 | 13 | Peamount United |
Cosantóir | Louise Quinn | 17 June 1990 | 99 | 15 | Birmingham City |
Cosantóir | Chloe Mustaki | 29 Iúil 1995 | 4 | 0 | Bristol City |
Cosantóir | Hayley Nolan | 7 Márta 1990 | 7 | 0 | London City Lionesses |
Cosantóir | Diane Caldwell | 11 Meán Fómhair 1988 | 91 | 4 | Reading |
Cosantóir | Megan Campbell | 28 Meitheamh 1993 | 45 | 3 | Liverpool |
Cosantóir | Niamh Fahey | 13 Deireadh Fómhair 1987 | 105 | 1 | Liverpool |
Imreoir lár páirce | Denise O'Sullivan | 4 Feabhra 1994 | 97 | 19 | North Carolina Courage |
Imreoir lár páirce | Katie McCabe (captaen) | 21 Meán Fómhair 1995 | 69 | 17 | Arsenal |
Imreoir lár páirce | Jessica Ziu | 16 Meitheamh 2002 | 12 | 0 | West Ham United |
Imreoir lár páirce | Ciara Grant | 11 Meitheamh 1993 | 16 | 0 | Hearts of Midlothian |
Imreoir lár páirce | Jamie Finn | 21 Aibreán 1998 | 14 | 0 | Birmingham City |
Imreoir lár páirce | Roma McLaughlin | 6 Márta 1998 | 10 | 0 | Central Connecticut Blue Devils |
Imreoir lár páirce | Lily Agg | 17 Nollaig 1993 | 5 | 2 | London City Lionesses |
Imreoir lár páirce | Lucy Quinn | 29 Meán Fómhair 1993 | 12 | 2 | Birmingham City |
Imreoir lár páirce | Isibeal Atkinson | 17 Iúil 2001 | 4 | 0 | West Ham United |
Imreoir lár páirce | Niamh Farrelly | 15 Aibreán 1999 | 4 | 0 | Parma |
Tosaí | Heather Payne | 20 Eanáir 2000 | 30 | 1 | Florida State Seminoles |
Tosaí | Abbie Larkin | 27 Aibreán 2005 | 4 | 1 | Shelbourne |
Tosaí | Amber Barrett | 10 Eanáir 1996 | 33 | 5 | Turbine Potsdam |
Tosaí | Saoirse Noonan | 12 Iúil 1999 | 3 | 1 | Durham |
Tosaí | Kyra Carusa | 14 Samhain 1995 | 7 | 1 | HB Køge |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.