From Wikipedia, the free encyclopedia
Próiseas athshlánaithe fhisiciúil chun cabhrú le feidhmeanna normálta na colainne a thabhairt ar ais do dhuine tar éis gortaithe, máinliachta nó galair. Tagann cóireálacha éagsúla san áireamh, ina measc aclaíocht ghníomhach nó fhulangach, suathaireacht, agus teas a chur i bhfeidhm trí dhiaiteirme. I ndiaidh gortaithe cosúil le briseadh cnáimhe, nuair nach féidir matáin a úsáid, cnaíonn is meathann matáin go tapa agus éiríonn na hailt a bhaineann leo docht. Is gá aclaíochtaí grádaithe a dhéanamh thar thréimhse fhada chun feidhmiú iomlán ceart a fháil ar ais. Más gá do dhuine gortaithe an leaba a choinneáil, bíonn claonadh ann ionfhabhtú cliabhraigh a tholgadh, agus sa chás sin is gá dó cleachtadh ionálaithe a dhéanamh, nó a dhroim a ghreadadh le doirne taobh thiar den chliabhrach chun cabhrú le tál coinnithe a chaitheamh amach. Is fiú aclaíochtaí a dhéanamh ar ghéaga a mbíonn pairilis orthu tar éis gortaithe no stróic freisin.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.