Fealsúnacht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá san fhealsúnacht ná iarracht ar dhul amach ar an saol agus brí a bhaint as trí réasúnaíocht agus trí dhíospóireacht. Ní hionann an tuiscint atá ag fealsúna ar an saol i ngach aois, ach is gnách leis na scoileanna fealsúnacha is déanaí feidhm a bhaint as a ndúirt na scoileanna a tháinig rompu, fiú más le fonn sáraíochta é.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/c/cf/Philbar_3.png)
Tagann an focal Gaelach ó fhocal Sean-Ghréigise, "φιλοσοφια" ("philosophia"), a chiallaíonn "grá an eolais", agus ba iad na Gréagaigh (Sócraitéas agus Eipiciúras, mar shampla) a bhunaigh traidisiún na fealsúnachta in Iarthar Eorpa.
Fealsamh a thugtar ar dhuine a bhíonn ag plé le fealsúnacht, ach is iomaí dearcadh agus modh anailísithe a d'fhéadfadh a bheith ag fealsúna an lae inniu.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/98/Sanzio_01_Plato_Aristotle.jpg/640px-Sanzio_01_Plato_Aristotle.jpg)