An Fharóis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Teanga Lochlannach, is é sin teanga Gearmáinice Thuaidh, í an Fharóis a labhraítear in Oileáin Fharó agus i measc lucht imirce ó na hoileáin sa Danmhairg. Is í an Íoslainnis an teanga is cóngaraí don Fharóis, ach ní féidir le cainteoirí an dá theanga mórán tuisceana a bhaint as caint a chéile. Scéal eile é go bhfuil an Fharóis scríofa sách intuigthe ag an duine a bhfuil an Íoslainnis aige. Is é is cúis leis seo go bhfuil scríbhneoireacht na Faróise níos cosúla le struchtúr stairiúil na bhfocal sa tSean-Lochlainnis ná le fíor-fhuaimniú na bhfocal i bhFaróis an lae inniu.
Føroyskt mál agus Føroyskt | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 69,150 (2015) |
Dúchasach do | Oileáin Fharó |
Stáit | Oileáin Fharó agus Ríocht na Danmhairge |
Comhordanáidí | 62°N 6.78°W / 62; -6.78 |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Gearmáinice teangacha Gearmáinice Tuaisceartacha teangacha Lochlannacha Iartharacha | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Faroese Language Board (en) ![]() |
Leibhéal leochaileachta | 2 leochaileach |
Cóid | |
ISO 639-1 | fo |
ISO 639-2 | fao |
ISO 639-3 | fao |
Glottolog | faro1244 |
Linguasphere | 52-AAA-ab |
Ethnologue | fao |
UNESCO | 1027 |
IETF | fo |
Tá Faróis ó dhúchas ag seasca nó ochtó míle duine. Ó thaobh líon na gcainteoirí de is féidir a rá go bhfuil sí chomh beag nó chomh neamhfhorleathan le Gaeilge na Gaeltachta. Thairis sin, bíonn difríochtaí móra idir na canúintí, nó tá ocht móroileán déag in oileánra Fharó, agus ar ndóigh d'fhorbair caint na ndaoine sna hoileáin difriúla ar bhealaí éagsúla.