rí Dál Riata go dtí an bhliain 474 From Wikipedia, the free encyclopedia
Rí Dál Riata ab ea Earc (Sean-Ghaeilge Erc) go dtí an bhliain 474.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 474 (>474) |
Ríthe Dhál Riada | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Fearghas Mór mac Eirc, Loarn mac Eirc |
Athair | Eochaid Muinremuir (en) |
De réir Duan Albanach agus Seanchas Fear Alban, ba é athair Eirc ná Eochaid Muinremuir mhic Áengus Fert mhic Fedlimid mhic Oengus mhic Fedlimid mhic Senchormaich mhic Cruitlinde mhic Findfece mhic Archircir mhic Eochaid Antoit mhic Fiacha Cathmail mhic Cairbre Riata mhic Conaire Caoimh agus Saraid ingen Chuinn.
Bhí triúr mac ag Earc: Fearghas Mór, Loarn agus Aonghas. B'fhéidir gur shin-seanathair Muircheartaigh mhic Mhuireadaigh é. Cuirtear máthairainm Muircheartaigh, mar atá Mac Earca, mearbhall ar an scéal, a deirtear a luann a mháthair sheanscéalach, Earca iníon Loarn mhic Eirc. Phós sise Muireadach mac Eoghain. Moltar i bhfoinsí déanacha amhail is Annála na gCeithre Máistrí gurbhb ionann Earc agus Muireadach, agus dá bharr ina bhall de mhuintir Uí Néill. I ndáiríre, meastar gur shliocht na nÉarann nó na nDarini é an Dál Riada, agus é de shliocht rí cáiliúil na nÉarann, Conaire Mór.
De réir seanchais, meastar gur sinsear ríthe an Dáil Riada é Earc, trína mhac Fearghas Mór, agus dá bharr, sinsear Ríthe na hAlban. Le déanaí ámh, caitheadh amhras ar an seanchas seo.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.