![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/39/Epictetus_from_L._Annaei_Senecae_philosophi_Opera%252C_1605%252C_title_page_detail.png/640px-Epictetus_from_L._Annaei_Senecae_philosophi_Opera%252C_1605%252C_title_page_detail.png&w=640&q=50)
Epictetus
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tráill agus fealsamh ó Impireacht na Róimhe a ghlac leis an Stóchas ab ea Epictetus (Gréigis: Ἐπίκτητος, Epíktētos; c.50 – c.135 AD).[1] Rugadh é sa Fhrigia, ríocht na Gréige, san Anatóil. Ba thráill a mháthair agus díoladh í le fear saibhir sa Róimh darb ainm Epaphroditos, rúnaí Néaró. Ciallaíonn an t-ainm ceannaithe sa Ghréigis. Cé go raibh sé ina thráill, tugadh cead dó freastal ar ranganna fealsúnachta a chum Gaius Musonius Rufus. Chuir sé sin feabhas ar a stádas. Scaoileadh Epictetus timpeall 68 agus thosaigh sé ag múineadh fealsúnachta, an tImpire Hadrianus ina measc. Cuireadh iallach ar Epictetus an Róimh a fhágáil chun dul anonn go Nicopolis i 94 nuair a dhíbir Domitianus gach uile fhealsamh. Bhí tionchar an-láidir aige ar Marcas Áiréilias.[2]
![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (grc) ΕΠΙΚΤΗΤΟΣ |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | c. 50 Hierapolis ![]() |
Bás | 138 87/88 bliana d'aois Niocapoil, An Ghréig ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fealsúnacht |
Gairm | fealsamh, scríbhneoir ![]() |
Tréimhse ama | Impireacht na Róimhe |
Gluaiseacht | Stóchas |
Mac/iníon léinn de chuid | Gaius Musonius Rufus |
Mac/iníon léinn | Arrian agus Demonax |
Teangacha | An tSean-Ghréigis |
![]() ![]() ![]() |