Eochaid Mugmedón
Ard-Rí na hÉireann / From Wikipedia, the free encyclopedia
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Eochaidh Muighmheadón (Sean-Ghaeilge Eochaid Mugmedón), atá cáil aige mar athair Néill Naoighiallaigh agus sinsear chlann Uí Néill agus na gConnachta.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 haois |
Bás | Teamhair |
Ardrí na hÉireann | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Céile | Mongfind Caireann Chasdubh |
Páiste | Ailill mac Echach Mugmedóin ( Mongfind) Niall Noígíallach ( Caireann Chasdubh) Fiachra ( Mongfind) Brión mac Echach Muigmedóin ( Mongfind) |
Athair | Muiredach Tirech |
Ní luaitear é i liosta ríthe na Teamhrach i mBaile Chuinn Chétchathaig, ach faightear é i Leabhar Gabhála na hÉireann, Annála na hÉireann, Foras Feasa ar Éirinn agus na Sioncronachtaí Laud.
De réir Leabhar Gabhála na hÉireann[1], mac an iar-Ard-Rí, Muireadhach Tíreach, ab ea Eochaidh. Maraíodh Muireadhach ag Cáelbad mac Croinn Bhradruí, rí Uladh, ach bhí Cáelbad i réim ach ar feadh aon bhliain amháin sular mharaigh Eochaidh é agus tháinig i gcoróin. D'éiligh sé bóramha na Laighean gan chath. De réir Céitinne ámh, cloíodh é sa Chath Cruachan Claonta ag rí na Laighean, Énnae Cennsalach.[2]
Bhí Eochaidh i réim ar feadh seacht nó ocht mbliana, sula bhfuair sé bás de thinneas ag Teamhraigh. Tháinig deartháir Mhongfionn Crimthann mac Fidaig, rí na Mumhan, i gcomharbacht air.