prionsa Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Sinsear Chonnacht ba ea Ailill mac Eachach Mugmedóin (Sean-Ghaeilge Ailill mac Echach Mugmedóin), a mar sa cheathrú haois. Eochaid Mugmedón (bás 362[1]) Ardrí na hÉireann, ba ea a athair, agus Mongfind deirfiúr Chriomhthainn mhic Fhiodhaigh (bás 367) a mháthair.[2] Clann Uí Ailealla ba ea a mhuintir.
Teaghlach | |
---|---|
Athair | Eochaid Mugmedon agus Mongfind |
Siblín | Fiachra, Brión mac Echach Muigmedóin agus Niall Noígíallach |
Insítear scéal Ailealla agus a dheartháireacha, Brian agus Fiachra, in Aided Chrimthaind maic Fhidaig ocus Trí mac Echach Muigmedóin[3]. Chuaigh Ailill i dteannta le Fiachra ar ruathar rathúil sa Mhumhain isteach, ach fuair Fiachra goin a bháis. Tar éis bhás Fhiachra, gabhadh agus cuireadh chun báis Ailill ag Eochaid mac Crimthainn na Mumhan. De réir sean-nóis, adhlacadh Ailill i mBaile an Chairn, Contae Shligigh.[4]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.