Dúrlas Éile
baile i gContae Thiobraid Árann / From Wikipedia, the free encyclopedia
Baile is ea Dúrlas Éile nó Durlas[1] go hoifigiúil (Béarla: Thurles) in Éirinn. Tá an baile suite i gContae Thiobraid Árann. Tá daonra 8,000 ann.
Dúrlas Éile | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | ||||
Iar-eintiteas críochach riaracháin | Contae Thiobraid Árann | ||||
Second-level administrative division (en) | Contae Thiobraid Árann Thuaidh | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Contae Thiobraid Árann | ||||
Airde | 99 m | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 2222 | ||||
Suíomh gréasáin | thurles.ie |
Tá Staid Semple suite sa bhaile.
Tá Ardeaglais Chaitliceach ann freisin. Tá séipéal eile ar Bhóthar na Naomh.
Tá ceithre mheánscoil, leabharlann phoiblí, ionad siopadóireachta, stáisiún traenach, páirc phoiblí, linn snámha, agus áiseanna eile i nDúrlas.
Tá campas Phádraig Naofa de Choláiste Mhuire gan Smál sa bhaile, áit ina mbíonn cúrsaí múinteoireachta á dteagasc. Tá campas de chuid Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne ann freisin.
Tá Cearnóg na Saoirse lonnaithe i lár an bhaile.
Is i nDurlas Éile a bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael, i gcruinniú a reáchtáladh in Óstán Hayes i gCearnóg na Saoirse.