baile contae agus príomhbhaile riaracháin Chontae Lú, Éire From Wikipedia, the free encyclopedia
Is baile é Dún Dealgan[1] Fuaimniú, (Béarla:Dundalk) atá suite i gContae Lú. Tá an baile suite ar abhainn Bhaile an Chaisleáin a shníonn isteach go dtí Bá Dhún Dealgan. Tá an baile gar don teorainn le Tuaisceart Éireann agus leathbhealach idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste.
Dún Dealgan | |||||
---|---|---|---|---|---|
Dundalk (en) Dún Dealgan (ga) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | ||||
Contae in Éirinn | Contae Lú | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 39,004 (2016) | ||||
• Dlús | 1,580.39 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 24.68 km² | ||||
Airde | 1 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 3500 "RCh" | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | A91 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 042 | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 1411629 | ||||
Suíomh gréasáin | dundalk.ie |
Tá calafort iascaireachta agus tráchtála beag sa bhaile. Deirtear gurb é an bhrí leis an logainm Dún Dealgan ná Dún Dalga, ach tá foinsí eile ann a mhaíonn gur as Dealg a d'eascair an t-ainm. Sé Trá Bhaile Mhic Buain an seanainm a bhíodh ar an mbaile.
Tá baint mhór ag Cú Chulainn leis an mbaile, mar de réir na scéalta, is ann a rugadh agus a tógadh é. Fuair Dún Dealgan an chéad chairt sa bhliain 1189. Tá an baile suite ar bhéal abhainn an Nith. 'Sé rosc an bhaile ná "Is mé do rug Cú Chulainn Cróga".[2]
Tá Dún Dealgan ceangailte de Rezé san Fhrainc.
Áitríodh an cheantar Dhún Dealgan don chéad uair timpeall 3500 RC, le linn thréimse Neoiliteach. D'fhág na daoine Neoiliteach agus d'fhág siad ceann de na comharthaí is suntasaí na tréimhse stair sin ná an Dolmain Proleek. Lonnaítear é i mBaile Mhic Scanláin, tuaisceart Dún Dealgan. Tá iarsmaí seandálaíochta den tuama meigiliteach le feiceáil ann.[2][3]
Tháinig na Ceiltigh go hÉirinn timpeall 500RC, ina dhiaidh an Eoraip a choilíniú. Lonnaigh an dream Conaille Muirtheimhne i dtuaisceart contae Lú, Dún Dealgan Uachtarach agus Dún Dealgan Íochtarach.[4] D’eascair bhur n-ainm ó Chonaill Carnagh, a bhí mar cheannaire sa Craobh Ruathe. Is na filí a bhí sa dream seo a chum scéalta miotaseolaíochta a bhfuil mar dlúthchuid den stair Dhún Dealgan. Iad siúd na cinn is cáiliúla ná Laochra na Craoibhe Rua, An Táin Bó Cuailgne agus Cú Chulainn.[2][3]
I dtosach báire, d’fhorbair Dún Dealgan mar Shráid Bhaile nach raibh ballaí timpeall air. Forbraíodh mar seo mar gheall ar an bpointe droichid i gCaisleán Dhún Dealgan (Castletown sa Bhéarla) a bhí gár don mbaile. Sa bhliain 1169, tháinig na Normannaigh go hÉirinn agus cuireadh tús le bailte na hÉirinn a bheith faoi chois acu. D'úsáid na Normainnigh an pointe droichid seo mar bhúntáiste chun ballaí agus daingniúcháin eile a chumadh móta agus bá bábhún an Caisleáin Dhún Dealgan. Ón mbliain 1185, thóg fear uasal Normannach darbh ainm Bertram de Verdun teach mainéir i gCaisleán Dhún Dealgan (Castletown, as Béarla) agus tugadh cairt don cheantar sin sa bhliain 1189. Lonnaigh an chlann Normannach De Courcy i gceantair Bhaile na Trá (Seatown, as Béarla), Dún Dealgan faoi threoir uasalathair na clainne, John de Courcy. Chabhraigh na teaghlaigh seo go mór le daingniú an bhaile, ballaí a thógáil agus cruth Normannach a chur ar an mbaile.[2][3]
Sa 17ú haois, chruthaigh an Tiarna Luimneach (Lord Limerick) an baile nua-aimseartha atá ann an aimsir seo. Bhí sé freagrach as tógáil sráideanna go lár an baile, d’eascair na smaointe a bhí aige ar struchtúr an bhaile ó chathracha san Eoraip.
Sa 19ú haois, d’fhás Dún Dealgan ina bhaile rathúil, mheall sé a lán tionscail nua isteach sa cheantar. Oscailt na nIarnród, leathnú na ndugaí (Quays as Béarla) agus bunú na coimisinéirí le bheith i gceannas ar an mbaile, ba chúis leis an bhforbairt seo.
Leis an chéad nasc iarnróid, cuirtear an baile ar an bpríomhlíne idir dhá chathair Baile Átha Cliath (1849) agus Béal Feirste (1850). Osclaíodh naisc iarnróid eile i nDoire (1859) agus i nGrianfort (1873). Bhunaigh Dún Dealgan mar bhaile teorann i mí Bhealtaine 1921 toisc go raibh sé suite ar phríomhlíne an t-iarnród idirnáisiúnta Baile Átha Cliath–Béal Feirste. D’oscail Saorstát na hÉireann na háiseanna custaim agus inimirce ar thraenacha i nDún Dealgan chun earraí agus paisinéirí a bhí ag trasnú na teorann a fhéachaint. Tarlaíodh go leor achrainn i nDún Dealgan le linn Chogaidh Chathartha na hÉireann
Rinne an Ceithre Roinn Thuaidh An IRA a bhí faoi smacht Frank Aiken iarracht a bheith neodracht ach ghabh an tArm Cathartha na hÉireann 300 dóibh i mí Lúnasa 1922. Áfach, rinneadh ruathar ar bheairice Dhún Dealgan ina raibh Aiken agus scaoileadh saor é. Dhá sheachtain ina dhiaidh, rinne Aiken luíochán ar na beairicí agus scaoileadh na cimí poblachtacha. Go gairid ina dhiaidh sin, iarrtar ar an dá dhream sos cogaidh a phlé eatarthu.
Sa 20ú haois, leantar Dún Dealgan ar aghaidh mar ionad réigiúnach, riaracháin, déantúsaíochta agus mar bhaile margaidh le linn na gcéad caoga bliain de neamhspleáchas na hÉireann. Le linn na dtrioblóidí, bhí Dún Dealgan mar ionad slándála tábhachtach. Nuair a tháinig Éire isteach go dtí an Cómhargadh, d’fhulaingt tionscail déantúsaíochta áitiúla mar gheall ar iomaíocht eachtrach agus tháinig an ráta dífhostaíochta Dhún Dealgan aníos. Roimhe seo, bhí an ráta dífhostaíochta is airde ag an gcontae sa chúige is saibhre, An Laighean. Feictear go raibh tuairimí míchuíosacha ag cuid mhór daoine le linn an ama seo mar gheall ar fhadhbanna sóisialta agus timpeallachta a bhí ann.[3]
Coláiste tríú leibhéal é, bunaíodh é sa bhliain 1970 agus tá sé suite in oirthuaisceart na hÉireann, I nDún Dealgan, Chontae Lú. Soláthraítear réimse fairsing na gclár sna Scoileanna Gnó agus Daonnachtaí, Innealtóireachta, Sláinte agus Eolaíochta agus i Scoil Faisnéisíochta agus na nEalaíon Cruthaitheach.[5]
Institiúid bhreisoideachais é seo atá suite i nDún Dealgan. Cuireann an coláiste réimse leathan cláir idir Scoil na hEalaíne agus Deartha, Scoil na Scéimhe, Fóillíochta agus Folláine, Scoil Ghnó agus Ríomhaireachta, Scoil na nDaonnachtaí, Scoil Chúram Leanaí agus Chúram Sláinte agus Scoil na Innealtóireachta agus Eolaíochta.[6]
Sa bhliain 1934, bunaíodh an tseirbhís Leabharlann Chontae Lú (Béarla: Louth County Library service) faoin Act Rialtais Áitiúil 1925. Déantar an Saor-leabharlann Dhún Dealgan mar sheirbhís don chontae ar fad.
Osclaíodh an leabharlann ar an 6ú Mí Iúil 1936 le stoc de 2,000 leabhair agus 1,208 iasachtaí cláraithe.
Sa lá atá inniu ann, seasann an leabharlann ar Shráid Roden i nDún Dealgan. Iardhrioglann a bhí ann agus cumadh an foirgneamh c.1870. Is sampla é seo den ailtireacht thionsclaíoch an 19ú haois.[10][11]
Bíonn naisc thaistil maith ag baint le Dún Dealgan toisc go seasann sé ar an mbóthar Baile Átha Cliath go Béal Feirste, príomhlíne gréasán iarnróid na hÉireann, níl Dún Dealgan ach 86km ó dheas. Chomh maith le sin, tá an baile suite ar lárphointe den M1, an mótarbhealach idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath 72km nó 40 nóiméad ón mbaile.[2]
Freastalaíonn The Argus, Dundalk Democrat agus Dundalk Leader ar phobal Dún Dealgan mar nuachtáin áitiúil. Oibríonn Talk of the Town mar an t-aon soláthraí nuachta ar líne.
Craolann Dundalk FM mar an stáisiún raidió áitiúil ar 97.7 FM. Freastalaíonn stáisiún raidió réigiúnacha ar an gceantar chomh maith, LMFM ar 98.5 FM agus iRadio ar 105-107FM ina measc.[12][13][14][15][16][17][18]
Is cumann proifisiúnta é Cumann Peile Dhún Dealgan atá lonnaithe I nDún Dealgan agus a bunaíodh sa bhliain 1903. Imríonn siad do Phríomhroinn na Sraithe na hÉireann. Ó thaobh an méid trófaí atá buaite acu, is iad Cumann Peile Dhún Dealgan an dara foireann is rathúla i Sraith na hÉireann (12 corn sraithe agus 10 corn FAI). Imríonn bhur gcluichí baile i bPáirc Oiriall (Béarla: Oriel Park).[19]
Is é Cumann Rugair Dhún Dealgan ceann de na cumainn rugair sóisearacha is suntasaí i gcúige Laighean. Bunaíodh é sa bhliain 1877 agus feictear go raibh stair rathúil thairbheach mar gheall ar na cluichí ceannais a bhuadar. Bhuaigh Cumann Rugair Dhún Dealgan Corn na mBailte Tuaithe 10 n-uair agus faoi láthair, tá siad i roinn 1A den tSraith Laighean. Tá trí fhoireann sinsireacha acu, chomh maith le foirne óige de gach aois agus roinnt foireann rugbaí leaiste na mban.[20]
Bunaíodh Tairbh Dhún Dealgan (Béarla: Dundalk Bulls) an fhoireann haca oighir i nDún Dealgan nuair a d’oscail JJB Soccer Dome agus Dundalk Ice Dome a osclaíodh sa bhliain 2006. Chuaigh an fhoireann san iomaíocht i Sraith Haca Oighir na hÉireann. Bhí áit sa Ice Dome do 1,200 duine agus a bhí mar rhinc bhaile d’fhoireann haca oighir na hÉireann. Nuair an dúnadh an dá ionad sa bhliain 2012, cuirtear deireadh leis an bhfoireann Tairbh Dhún Dealgan chomh maith.[21][3]
Óstálann Staid Dhún Dealgan an dá spóirt seo. Osclaíodh an chéad pháirc uile-aimsire rásaíochta ar an ráschúrsa i mí Lúnasa 2007.[22][3]
D'óstáil Dhún Dealgan bhur gcéad comórtas pionsóireachta náisiúnta i mí Aibreáin 2007.[3]
Tá cumann cispheile ag an mbaile Dhún Dealgan, Dundalk Ravens.[23]
Tá Louth Mavericks, an t-aon fhoireann pheil Mheiriceánach i gcontae Lú lonnaithe i nDún Dealgan. Bunaíodh an cumann sa bhliain 2012 agus imríonn siad mar chuid den tSraith Pheil Mheiriceánach na hÉireann. Is é bhur bpríomhchóitseálaí ná Robert Shevlin. Bítear ag traenáil san Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan (DKIT).[24]
Tá club leadóige ag Dún Dealgan chomh maith, An Club Leadóige Léana agus Badmantain (Béarla: The Dundalk Lawn Tennis and Badminton Club). Bunaíodh é sa bhliain 1913 agus d’óstáil an club Craobhchomórtais Sinsear na gCúigí (inter-pros sa Bhéarla) óna 29-31 de mhí Lúnasa 2010.[25]
Bunaíodh an Club Cruicéid Dhún Dealgan i mí na Samhna 2009 agus tosaíodh ag imirt cluichí sa séasúr 2010. Aithnítear an club san iris chruicéid atá mór cáil air timpeall na cruinne, The Wisden Cricketer, bronnadh duais ‘Club na Míosa’ orthu. Is rud as an ghnáth é seo chun an duais a bhronnadh ar chlub nach bhfuil bunaithe ach cúpla mí. Sa bhliain 2011, cuirtear an club go dtí an Cumann Cruicéad Laighean agus d’imir siad i roinn 11 sa Sraith Shinsearach Laighean. Sa bhliain 2011, bhuaigh an fhoireann an tsraith seo agus bhí siad an t-aon chlub i gcúige Laighean nár buadh orthu i 14 roinnte. Sa bhliain 2012, bhuaigh siad an Sraith Shinsearach Laighean don dara huair agus iad sa roinn 9.[26]
Tá An tSraith Ceantar agus Dhún Dealgan ann ar feadh 20 bliain anuas. Sa bhliain 2012, rinneadh athbhrandáil ar an tSraith Snúcair Dhún Dealgan agus fuarthas urraíocht nua as Tool-Fix. Feictear gur fhás an tsraith toisc go fuarthas aitheantas náisiúnta ón gCumann Billéardaí agus Snúcair na hÉireann. D’ullmhaigh an cumann ‘ryder cup’ i gcomhair na himreoirí snúcair is fearr sa Sraith Snúcair Dhún Dealgan. Sa tsraith le linn an tséasúir seo, tá 15 foireann agus 113 imreoir atá in iomaíocht i 6 ócáidí craobhchomortais.[27]
Bunaíodh an chéad chlub rothaíochta i nDún Dealgan sa bhliain 1874. Bhunaigh siad an Club Rothaíochta Cú Chulainn sa bhliain 1935 agus tá sé mar cheann de na clubanna rothaíochta is mó gníomhaí sa tír. Tá níos mó ná 300 ball acu agus déantar rothaíocht BMX, rothaíocht easbhóthar agus rothaíocht ar bhóthair. Fuair an club ceadúnas chun páirc rothaíochta i Muirtheimhne Mór.[28]
Bunaíodh an Club Cadhcála Dhún Dealgan sa bhliain 2005 agus bítear ag feidhmiú as an gclubtheach a shuíonn taobh amuigh den bhaile. Bíonn an club ag cur cúrsaí do gach cumas cadhcála ar fáil don phobal.[29]
Tá dhá chlub ag baile Dhún Dealgan – Cumann Grianghrafadóireachta Dhún Dealgan[30] agus Cumann Grianghrafadóireachta Tána. Sa bhliain 2010, bhuaigh an Cumann Grianghrafadóireachta Dhún Dealgan Comórtas Domhanda na gCumann Grianghrafadóireachta FIAP.[31]
Tá saol an cheoil Dhún Dealgan thar barr.
De réir fhigiúirí an Daonáirimh 2016, is féidir le níos lú ná trian den daonra Dhún Dealgan an Ghaeilge a labhairt. Tá 12,236 cainteoirí a mhaíonn go bhfuil eolas éigin acu ar an teanga i nDún Dealgan, sé sin 32.8% de dhaonra an cheantair! Dhearbhaigh 23,712 duine a labhraíonn an Ghaeilge, níor fhoilsigh 1,313 bhur gcumas teanga.
Léirigh an suirbhé go bhfuil na mná níos fearr le Gaeilge a labhairt. Tá 34.9% de mhná agus 30.7% de fhir ab fhéidir an Ghaeilge a labhairt.
Taispeánadh go bhfuil an Ghaeilge is mó labhartha ar imeall an bhaile Dhún Dealgan. Tá 169 cainteoir Gaeilge laethúla i nDún Dealgan tuaithe, tháinig an uimhir sin aníos ón mbliain 2011. Tá éileamh na teanga ag fás i mBaile Hagaird, bhí 65 duine a raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga dóibh sa Daonáireamh 2011, ardaíodh an uimhir go 78 cainteoir sa bhliain 2016.
Nochtann na figiúirí go bhfuil 42,047 de dhaonra an contae ina chainteoir Gaeilge, áirítear 34.1% de dhaoine atá ag cur fúthu i nDún Dealgan. Feictear go raibh titim ar líon na gcainteoirí sa bhliain 2011, le 36.1% den daonra Dún Dealgan agus cainteoirí Gaeilge iad.[36]
Sa lá atá ann, tá Dún Dealgan mar lárionad riaracháin agus an tríú baile is mó in Éirinn. Tá daonra de 35,000 duine sa bhaile faoi láthair.
Rinneadh éabhlóid ar an mbaile chun a bheith mar an mol teicneolaíochta, leictreonach agus innealtóireachta ina bhfuil sé inniu. Tá an baile lán le taipéisí stairiúil i Músaem Contae Dhún Dealgan, a bhfuil ceann de na músaeim údaráis áitiúla is déise sa tír.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.