uirlis cheoil From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é téaduirlis an veidhlín nó fidil, a bhfuil ceithre téad aige de ghnáth.
![]() | |
Cineál | bowed string instrument (en) agus necked box lutes played with a bow (en) |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 321.322-71 |
Raon seinm | ![]() |
Nóta is ísle | G3 |
Sampla fuaime | |
Gairm ealaíonta | veidhleadóir |
De ghnáth, bíonn na téada tiúnáilte leis na nótaí G, D, A, agus E.[1] Tarraingítear bogha thar na téada chun fuaim a ghiniúint. Neamhcosúil leis an giotár, níl aon stiallóga ná marcóirí eile aige ar an méarchlár.
Is é an veidhlín an gléas is tábhachtaí i gceol an iarthair ón 17ú céad. Saothraíodh an veidhlín ceathairthéadach sa 16ú céad, ag sroicheadh a bhuaice i 1650-1730 i lámha Stradivari agus muintir Nicolò Amati (1596-1684) is Giuseppe Guarneri (1698-1744).
I measc na mionathruithe a rinneadh níos déanaí air, tá an méarchlár fadaithe, an taca smige, agus níolón is cruach in ionad snáithe caoláin mar ábhar sreang.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.