Dílárú
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is dílárú ann ná an próiseas ina ndáiltear amach nó ina roinntear feidhmeanna, cumhachtaí, daoine nó rudaí lasmuigh de shuíomh nó údarás lárnach.[1] Cé go ndéantar staidéar agus cleachtadh go forleathan ar lárú, go háirithe ag leibhéal an rialtais, níl aon sainmhíniú nó tuiscint choiteann ann ar dhílárú. D’fhéadfadh brí an díláraithe a bheith éagsúil go páirteach mar gheall ar na bealaí éagsúla ina gcuirtear i bhfeidhm é. [2] Tá coincheapa an díláraithe curtha i bhfeidhm ar dhinimic na ngrúpaí agus ar riarachán gnó agus ar eagraíochtaí príobháideacha, eolaíocht pholaitiúil, dlí agus riarachán poiblí, eacnamaíocht agus teicneolaíocht .