Déchotailéadón
grúpa plandaí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ball ar bith den dá phríomhrang plandaí bláfara is ea déchotailéadón. Is iad na monacotailéadóin an rang eile. Bíonn dhá chotailéadón i suth an tsíl, agus seasann príomhfhréamh an tsíolphlanda go daingean chun an bhunfhréamh a chruthú. De ghnáth bíonn duilleoga leathana le féitheacha eangachúla air, agus codanna bláfara i ngrúpaí de 4-5 nó iolraí díobh sin. Cumann na burlaí soithíocha fáinní sa ghas, agus bíonn ciseal caimbiam i láthair a bhíonn in ann fíochán féitheach tánaisteach a tháirgeadh, agus mar sin gais adhmadacha. Timpeall 250 clann ar eolas sa rang seo.[1]
Fíricí Gasta Dicotyledones, Tacsanomaíocht ...
Dicotyledones | |
---|---|
teanga mhín | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Aicme | Dicotyledones |
Dún