Uachtarán na hÉireann From Wikipedia, the free encyclopedia
Scoláire agus polaiteoir Éireannach ab ea Dubhghlas de hÍde (Béarla: Douglas Hyde) nó an Craoibhín Aoibhinn (a ainm cleite): 17 Eanáir 1860 - 12 Iúil 1949).[1][2] Duine de bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge ba ea é agus béaloideasaí cáiliúil. Eisean an chéad duine a roghnaíodh mar Uachtarán na hÉireann, agus b'in é an post a bhí aige idir na blianta 1938 agus 1945.
Mac le ministir de chuid Eaglais na hÉireann Arthur Hyde ba ea Dubhghlas de hÍde. Rugadh sa Chaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin é, áit ar chuala sé Gaeilge á labhairt ag cuid de mhuintir na tuaithe. Thosaigh sé ag bailiú scéalta agus amhrán uathu. Bhí an-suim aige i dteangacha, agus tar éis dó staidéar a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide bhí Fraincis, Laidin, Gearmáinis, Gréigis agus Eabhrais aige.
Chuidigh sé le Conradh na Gaeilge a bhunú sa bhliain 1893 agus bhí sé tamall maith de bhlianta ina uachtarán air. B'fhearr leis an Conradh a choinneáil glan ar chúrsaí polaitíochta, agus d'éirigh sé as an gConradh ag Ard-Fheis an Chonartha i nDún Dealgan sa bhliain 1915 nuair a tháinig leithéidí Phádraig Mhic Piarais chun cinn. Bhí sé ina bhall de Choiste na Leabhar ó bunaíodh é sa bhliain 1928.
Sa bhliain 2008 agus Dáithí Mac Cárthaigh ina uachtarán, ghlac Conradh na Gaeilge le bunreacht nua a réitigh leis leagan amach neamhpholaitiúil roimh 1915 agus a d'fhág ar lár aon aon tagairt do shaoirse na hÉireann. Seo mar a fhoráiltear le Bunreacht an Chonartha: "Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann".
Ní raibh aon bhaint aige le Sinn Féin ná le gluaiseacht na saoirse, ach bhí sé sásta suíochán a ghlacadh i Seanad Éireann. Chaill sé a shuíochán sa bhliain 1925. Nuair a chuir Bunreacht Oifig an Uachtaráin ar bun sa bhliain 1937, ba é de hÍde an chéad duine a toghadh. Toghadh é d’aonghuth d’Uachtaránacht na hÉireann faoin mBunreacht nua ar an 4 Bealtaine 1938 agus insealbhaíodh é 25 Meitheamh.[3]
Tháinig deireadh lena théarma uachtaránachta ar an 25 Meitheamh 1945 agus chuaigh sé chun cónaithe i Ráth Treá Beag i bPáirc an Fhionnuisce. D’éag sé ar an 12 Iúil 1949. Tharraing an tórramh in Ardeaglais Naomh Pádraig (Eaglais na hÉireann & Protastúnach) ar an 14 Iúil conspóid. Ba é de Noel de Brún an t-aon aire rialtais a bhí i láthair. D'fhan an Taoiseach John A. Costello , De Valera et al amuigh.[4] Bhí an-smacht ag an Eaglais Caitliceach ar shochaí na linne.[5][6] Shíl an file Austin Clarke go raibh an scéal scannalach agus scríobh sé dán faoin eachtra.[7]
Adhlacadh De hÍde sa reilig sa Phortach Ard i nDún Gar, Co. Ros Comáin.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.