Driad
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is driad ann ná (Sean-Ghréigis:Δρυάς,Druas) nimfeach choill nó sióg choille i miotaseolaíocht na Gréige. Ciallaíonn Druas "dair" i nGréigis, agus go sonrach is nimfeacha na gcrann darach iad, ach úsáidtear an téarma anois le haghaidh nimfeach na gcrann i gcoitinne,[1] nó hibridí de dhuine agus chrann i ndomhan na samhlaíochta. De ghnáth, measadh gur créatúir an-chúthaile iad ach amháin os comhair an bhandé Artaimís, arbh eol di a bheith ina cara don chuid is mó de na nimfeacha.