From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba marascal machaire Briotanach é Douglas Haig 1ú Earl Haig, KT, GCB, OM, GCVO, KCIE (19 Meitheamh 1861 – 29 Eanáir 1928). Le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, bhí sé i gceannas ar Fhórsa Sluaíochta na Breataine (FSB) ar an bhFronta Thiar ó dheireadh 1915 go dtí deireadh an chogaidh. Bhí sé ina cheannasaí le linn Chath an Somme, Cath Arras, Tríú Cath Ypres (Passchendaele), an tIonsaí Earraigh (nó Kaiserschlacht), agus an tIonsaí Mór deireanach.[1][2][3] Cé go raibh cáil fhabhrach air i rith na mblianta díreach tar éis an chogaidh, agus a shochraid ina lá caoineadh náisiúnta, tá Haig, ó na 1960idí i leith, ina ábhar cáinte as a cheannaireacht le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.[4][5][6] Tugadh an t-ainm "An Búistéir Haig" air as an dá mhilliún taismeach Briotanach a tháinig faoina cheannas.[4] Deir Músaem Cogaidh Cheanada, "His epic but costly offensives at the Somme (1916) and Passchendaele (1917) have become nearly synonymous with the carnage and futility of First World War battles." [7] Ar an láimh eile, measann roinnt staraithe go raibh an tIonsaí Mór 1918 - comhiarracht na gComhghuaillithe faoi stiúir Foch a chuir deireadh leis an gcogadh - agus go háirithe rannchuidiú na Breataine leis, ar cheann de na bua is mó a baineadh amach riamh i stair mhíleata na Breataine.[1][2][3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.