fóta-iriseoir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Grianghrafadóir agus iriseoir Meiriceánach ab ea Dorothea Lange (26 Bealtaine 1895 – 11 Deireadh Fómhair 1965), a aithnítear go háirithe as a cuid saothar le linn an Spealaidh Mhóir ar son an Farm Security Administration (FSA). Chuir grianghrafanna Lange cló daonna ar an Spealaidh Mór agus bhí tionchar acu ar fhorbairt na grianghrafadóireachta faisnéise.
Rugadh Dorothea Lange ar 26 Bealtaine 1895 in Hoboken, New Jersey, de shliocht Gearmánach.[1][2] Rugadh í leis an ainm Dorothea Margaretta Nutzhorn. I ndiaidh dá hathair a mhuirear a thréigean nuair a bhí sí 12 bhliain d'aois, ceann den dá thráma ina luathshaol, d'fhág sí an dara ainm ar lár agus ghlac sí sloinne a máthar. An buille eile a d'fhulaing sí ná an póilió a bhuail í in aois a seacht mbliana. D'fhág sin an chos dheas lag aici agus céim bhacaí mar thoradh air.[1][2] "It formed me, guided me, instructed me, helped me and humiliated me," a dúirt sí. "I've never gotten over it, and I am aware of the force and power of it."[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.