![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d5/Dominique_de_Villepin_%25282010%2529.jpg/640px-Dominique_de_Villepin_%25282010%2529.jpg&w=640&q=50)
Dominique de Villepin
polaiteoir Francach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir Francach agus iar-phríomhaire na Fraince is ea Dominique de Villepin nó Dominique Marie François René Galouzeau de Villepin lena ainm iomlán a thabhairt dó. Rugadh i Rabat, Maracó é ar an 14 Samhain 1951.
Tógadh é i Veiniséala agus in áiteanna eile i Meiriceá Theas. D'fhreastail sé ar an École Nationale d'Administration, scoil iarchéimithe ina n-oileann an Fhrainc a státseirbhigh sinsireacha. Ghnóthaigh sé céimeanna sa dlín agus sa litríocht ó chúpla ollscoil chomh maith. Bhí sé ina chéad rúnaí in Ambasáidí na Fraince i Washington D.C. agus ina dhara chomhairleoir san ambasáid i Deilí Nua na hIndia sula ndearnadh príomhchomhairleoir na hAfraice sa Roinn Gnóthaí Eachtrannacha de i 1992. Bhí sé ina chomhairleoir ar ghnóthaí eachtrannacha do Jacques Chirac ó thús na 1980í. Bhí sé ina stiúrthóir toghcháin ag Chirac sa bhfeachtas uachtaránachta i 1995, agus ceapadh é ina Rúnaí Ginearálta ar Phálás an Elysée le linn céad thréimhse Chirac mar Uachtarán na Poblachta, 1995-2002. Rinne sé botún ansin i 1997 nuair a chomhairligh sé don uachtarán olltoghchán a ghairm. Chaill Chirac an toghchán sin agus rinne de Villepin iarracht éirí as oifig ach níor ligeadh dó. Tá de Villepin ag iomaíocht ó shin le Nicholas Sarkozy le bheith ina oidhre ar Chirac mar uachtarán.
Tháinig François Fillon mar chomharba ar de Villepin mar príomh-aire na Fraince sa bhliain 2007.