![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/06/Die_Traumdeutung_%2528Congress_scan%2529.jpg/640px-Die_Traumdeutung_%2528Congress_scan%2529.jpg&w=640&q=50)
Die Traumdeutung
leabhar le Sigmund Freud / From Wikipedia, the free encyclopedia
Leabhar de chuid Sigmund Freud, bunaitheoir na síocanailíse, is ea Die Traumdeutung (Béarla: The Interpretation of Dreams, Gaeilge: Míniú Brionglóidí). Déanann Freud cur síos sa leabhar ar a theoiric faoin neamh-chomhfhios maidir le míniú brionglóidí, agus pléann sé an teoiric a dtabharfaí coimpléasc Éideapúis air níos déanaí. D’athbhreithnigh Freud an leabhar ocht n-uaire ar a laghad agus, chuir sé roinn mhór leis an tríú heagrán a phléigh leis siombalachas i mbrionglóidí go litriúil, faoi anáil Wilhelm Stekel. Dúirt Freud faoin obair seo, “Ní thagann léargas mar seo ar do chrann ach uair amháin sa saol.”[1]
![]() ![]() | |
Cineál | saothar liteartha agus saothar scríofa ![]() |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Sigmund Freud ![]() |
Teanga | an Ghearmáinis ![]() |
Foilseachán | An Ostair-Ungáir, 1899 ![]() |
Tréith | |
Príomhábhar | míniú brionglóidí agus neamh-chomhfhios ![]() |
Foilsíodh an leabhar den chéad uair sa bhliain 1900 in eagrán de 600 cóip, agus nár díoladh amach é ar feadh ocht mbliana. Tháinig an-tóir ar an leabhar níos déanaí, agus foilsíodh seacht n-eagrán eile le linn shaol Freud.[2]
Toisc go raibh an leabhar chomh fada sin agus chomh casta sin, scríobh Freud leagan giorraithe a foilsíodh i mBéarla faoin teideal On Dreams.