Bhí an Tiarna Spencer athair Diana (a bhí ina chónaí i dTeach Althorp, baile dúchais mhuintir Spencer i Northampton).
Ar an 29 Iúil1981, phós Diana Spencer agus an Prionsa Séarlas in Ardeaglais Naomh Pól, Londain. "Deirtear faoi go raibh dearadh an ghúna pósta ar an rún faisin ba mhó riamh[1]. Bhreathnaigh 700 milliún duine ar shearmanas an phósta féin ar an teilifís ar fud an domhain agus níl dabht ar bith ach gurbh í réalta faisin a linne í"[2].
Ar an 16 Meitheamh1992, foilsíodh leabhar conspóideach Andrew Morton faoin mbanphrionsa Diana, an teaghlach ríoga agus a gcuid geáitsí.
Rinneadh an BBC agallamh le Diana sa bhliain 1995, agallamh fealltach, tá a fhios againn anois.
Fuair Diana bás i bPáras, na Fraince i dtimpiste bóthair i 1997. Ar an 1 Meán Fómhair 1997, thug bleachtairí sa Fhrainc le fios go raibh tiománaí an chairr, ina raibh Banphrionsa Diana, ar meisce & luas aige.
Deirtear gur £9,000 a bhí mar chostas air, ag an am. Lánúin óg, David agus Elizabeth Emanuel, a raibh cáilíochtaí bainte amach acu beirt mar dhearthóirí faisin ón Royal College of Art, a roghnaigh an bhrídeog lena gúna a dhéanamh. As síoda ar dhath an eabhair le tafata agus lása seanda de chuid Charraig Mhachaire Rois a rinneadh gúna na bainise ar a raibh 10,000 péarla agus seacain.