From Wikipedia, the free encyclopedia
Lucht ceannais próta-stairiúil na Mumhan roimh éirí na n-Eóganachta sa 7ú haois ab ea na Dáirine[1], aitheanta níos deireanaí go ríoraíoch mar Corcu Loígde.[2] Is amhlaidh gur thángthas iad óna Darini de réir Tolamaes, agus gaolta leis na hUlaid agus Dál Riata as cúige Uladh agus Albain.[3] Faightear a shinsearacht go minic sa Rúraíocht, aitheanta mar Chlanna Dedad, agus marfoirí Chú Chulainn. Meastar gurbh Érainn iad cách[3][4] (féach freisin samhail stairiúil Uí O'Raithille). Sa ré stairiúil, léiríodh na Dáirine leis an Corcu Loígde, agus is dócha le muintire Uí Fidgenti agus Uí Liatháin[5] agus roinnt clann stairiúil eile as Mumha agus Ulaidh araon. Sa seanghinealaigh,[6] ba chuid de mhuintir Dáirine iad Dál Fiatach stairiúil na nUlad.
Tugtar scaití an t-ainm Dáirine do mhuintir Érann mar chúinne iomlán.[7]
Dúradh gur shliocht iad Dáirine na Mumhan de phearsa darbh ainm Dáire (*Dārios),[8] nó Dáire Doimthech, sinsear Corcu Loígde', agus/nó Dáire mac Dedad, athair Chú Raoi. Is dócha é gurb ionann iad an bheirt acu.[4] Bhí na ginealeolaithe meánaoiseacha ar an eolas faoin mearbhall agus thug faoi ndeara é i Rawlinson B 502. Tá an Chlann Dedad ainmnithe as seanathair Chú Raoi, Deda mac Sin.
Is suntasach é go raibh clú agus cáil ag na Dáirine mar shainaicme mhíleata, os coinne a gcomharbaí talmhaíocha síochánta. De réir an scéil Táin Bó Flidais, ar cheann desna trí laoch-aicme na hÉireann ab ea Clanna Dedad (agus na cinn eile Clanna Rudraige, a gcolanna ceathrar Ulad, agus na Gamanrad as Irrus Domnann), a raibh gaol acu leis na Laigin.[9]
Tá cáil ag na Dáirine sna seanscéalta as a réim géar crua fuilteach, i roinnt scéalta uafásach millteanach, ach d'fhéadfadh gur chumadóireacht staraithe agus scéalaithe é seo.
I measc na clanna ríoga ar marthain i gCúige Mumhan tá muintire Uí Eidirsceoil, Uí Laoghaire, Uí Chofaigh, Uí Aonghusa agus Uí Fhloinn, go léir de shliocht Lughaí Mhic Con.[10][11] I gcúige Uladh, is iad na clanna Dál Fiatach ná mhuintir Uí Eachaidh agus Uí Dhuinnshléibhe.[12]
D'fhéadfadh gurbh as clanna imeallacha na nDáirine ba ea semi-historical Mongfind agus Crimthann mac Fidaig leathstairiúil, ach ní féidir é seo a cruthú.
I measc pearsana seanscéalacha de mhuintir Dáirine, de shliocht Dáire mhic Dedad / Dáire Doimthigh, faightear:
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.