From Wikipedia, the free encyclopedia
Ciallaíonn cónocht go bhfuil an méid céanna dorchadais agus solais an lae ann, nó go sonrach, aon cheann den dá phointe ar an sféar neamhaí mar a dtrasnaíonn an t-éiclipteach an meánchiorcal neamhaí.[1] Ar an lá seo, tá dhá uair an chloig déag de sholas an lae ann agus dhá uair an chloig déag den dorchadas.[2] [3]
Cineál | Ócáid bhliantúil, imeacht neamhaí agus point in time with respect to recurrent timeframe (en) |
---|---|
Eatramh imeacht | 0.5 bliain |
Codanna | |
Go fisiciúil, is iad seo na pointí ag a dtrasnaíonn an ghrian an meánchiorcal neamhaí ina gluaisne bhliantúil:
agus
Ar na laethanta sin, is díreach os cionn an mheánchiorcail a bhíonn an ghrian. Titeann an oiread céanna solais agus teasradaíochta ón ngrian ar an leathchruinne thuaidh is a thiteann ar an leathchruinne theas. Bíonn an lá agus an oíche chomh fada lena chéile - go díreach - ag an am seo.[4]
Tógtar cónocht an earraigh mar phointe nialais i gcórais comhordanáidí neamhaí.