Cóma
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an rud is cóma[1] ann ná staid mar a fhágtar duine gan aithne gan urlabhra, nach féidir a mhúscailt aisti. Éiríonn feidhmeanna na hinchinne níos laige de réir a chéile, ach leanann na gníomhaíochtaí riachtanacha riospráide agus bualadh an chroí ar aghaidh. Is féidir go dtarlóidh a leithéid mar thoradh ar thráma don inchinn, meiningíteas, ródháileog alcóil nó drugaí a ghlacadh, nó neamhoird mheitibileachta cosúil le teip dhian na nduán is an ae agus aimhréidh diaibéitis.[2]