Cumann na mBan
From Wikipedia, the free encyclopedia
Eagraíocht Phoblachtánach Éireannach do mhná ab ea Cumann na mBan a bunaíodh i mí Aibreáin 1914 le cúnamh agus tacaíocht Óglaigh na hÉireann. In Éirinn amháin a tháinig airm na mban ar an bhfód. Dúcheist staire a bhí ann; níor tharla a leithéid i dtíortha eile san Eoraip ag an am, le linn réabhlóidí[1] Cé gur eagraíocht neamhspleách a bhí ann, bhí a Choiste Feidhmiúcháin faoi réir Choiste na nÓglach.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | paraimíleatach | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Poblachtánachas in Éirinn Náisiúnachas in Éirinn | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 2 Aibreán 1914 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Ar na baill is cáiliúla den eagraíocht, bhí Úna Ní Fhaircheallaigh (nó Agnes Farrelly agus údar agus Ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann), Elizabeth O’Farrell, Sighle Humphreys, Máire Ní Chinnéide, Máire Nic Shuibhne (Mary MacSwiney agus céimí de chuid UCD), Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh (ar an gcéad choiste sealadach), Caitlín Bean Uí Chléirigh (Kathleen Clarke), Eithne Inglis (Ada English), Helena Molony, Lily Kempson agus Constance Markievicz.