![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/90/Coat_of_arms_of_the_Football_Association.svg/langga-640px-Coat_of_arms_of_the_Football_Association.svg.png&w=640&q=50)
Cumann Sacair Shasana
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bunaíodh Cumann Sacair Shasana (an Football Association) ar 26 Deireadh Fómhair 1863 sa Freemasons’ Tavern i Londain,[1] agus é ag stiúradh an cluiche fós i Sasana. Ní gan dua a tháinig na rialacha nua (faoi stiúir Ebenezer Cobb Morley) agus an eagraíocht i bhfeidhm. Imríodh an chéad chluiche Barnes v Richmond ar 19 Nollaig 1863 (chuaigh an fhoireann de chuid Richmond leis an rugbaí níos déanaí).[2]
Fíricí Gasta Sonraí, Cineál ...
Dún
Ar an 16 Márta 1872 d'imir Wanderers agus Royal Engineers i gcoinne a chéile sa chéad chluiche ceannais do Chorn an FA.