![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/83/Kuehlregal_USA.jpg/640px-Kuehlregal_USA.jpg&w=640&q=50)
Cuisniú
From Wikipedia, the free encyclopedia
Fuarú, trí ghalú den chuid is mó. Feidhmíonn an cuisneoir is córais aerchóirithe ar an bprionsabal seo. I gcóras mar seo, bíonn leacht cuisnithe (Freon, mar shampla) istigh i gcóras iata píobán. Brúitear gal an leachta seo le caidéal isteach i gcomhdhlúthadán, áit a gcomhdhlúthaíonn sí ina leacht the. Bíonn an comhdhlúthadán taobh amuigh den chuisneoir agus cailleann sé teas go dtí timpeallacht an tseomra, rud a fhuaraíonn an leacht ann. Ansin ritheann an leacht fhuar trí chomhla leata isteach i bpíobán ar thrasghearradh níos mó, áit a ngalaíonn an leacht is a dtógann an teas folaigh galaithe ón timpeallacht. Mar seo, fuaraítear timpeallacht an ghalaitheora, a bhíonn taobh istigh de bhosca teasdíonta an chuisneora. Uaidh sin téann an ghal tríd an gcaidéal agus timpeall an chiorcaid arís is arís eile.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/83/Kuehlregal_USA.jpg/640px-Kuehlregal_USA.jpg)